Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an plé seo thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith spéisiúil ach caithim a rá go gcuireann sé imní orm. Nuair a foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, caithfear cuimhneamh gur straitéis réalaíoch a bhí i gceist. Bhí ionchur i ngach ghné den straitéis a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ag an Roinn Oideachais agus Scileanna fhéin ann. Ó thaobh na straitéise agus ag breathnú ar an dá thuarscáil atá curtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh feidhmiú na straitéise agus ag tógáil san áireamh go raibh fios ag an Roinn bliain sara foilsíodh an straitéis céard a bheadh ann - tá cúig bliain ó bhí fios ag an Roinn agus ó dhéan an Roinn na pointe sa straitéis - an gceapann ionadaithe Thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil an Roinn ag curan straitéis i bhfeidhm le fuinneamh agus le díograis, ag tógáil san áireamh nach leathscéal ar bith é cúrsaí airgid mar bhí cúrsaí airgid na tíre ar an bpoinnte is measa a raibh siad riamh nuair a dhéan an Rialtas an straitéis i mí na Nollag sa bhliain 2010?

An gceapann Ms Ní Mhóráin go bhfuil na moltaí a bhí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir le COGG curtha i bhfeidhm mar a bhí leagtha amach? Bhí sé lárnach don straitéis go mbeadh i bhfad níos mó ionchur ag COGG. Céard í a barúil lom fhírinneach ar an gceist sin? Tá caint ann i láthair na huaire ar COGG a bheith suite leis an National Council for Curriculum and Assessment. Níl sé ráite go díreach cad tá i gceist. An measann Ms Ní Mhóráin an chun sochair COGG nó chun dochair COGG an cinneadh sin a dhéanamh?

Tá go leor cainte ar na dúchasaigh ón nGaeltacht ach téann sé chun cúinne taobh amuigh den Ghaeltacht. Níor tógadh cuid de na finnéithe sa Ghaeltacht agus tá Gaeilge ó dhúchas acu. Labhraíodh Gaeilge sa bhaile leo. Bhí sé mar bhunchloch ag an straitéis go n-éireodh sé sin níos coitianta agus níos coitianta eile. Cur i gcás an gasúr ag fás i gcathair mar shampla. Tá sé ag dul ar Ghaelscoil agus ag dul ar Ghaelcholáiste agus mar sin de. An bhfuil aon taighde déanta maidir leis na riachtanais atá ag na daoine sin? Is cainteoirí dúchasacha le Gaeilge ón mbaile iad. Cad iad na riachtanais atá acu siúd sa chóras oideachais? Bheadh cuid acu ar chomhcéim lena gcomhghleacaithe atá tógtha sna ceantair Ghaeltachta aitheanta.

Tá ceist lom agam ar ionadaithe an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ag glacadh leis nach bhfuil an cúigiú chuid de thréimhse na straitéis 20 Bliain curtha i bhfeidhm, an bhfuil i gceist ag an Roinn é a chur i bhfeidhm? D'aontaigh an Roinn le gach pointe a bhfuil ann. Tá dara cheist agam ar an Roinn. An bhfuil i gceist ag an Roinn glacadh leis na moltaí a rinneadh anseo inniu agus iad a chur i bhfeidhm? Tá tríú cheist agam. Ag glacadh leis nach mbeidh aon chur in aghaidh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta nó ag COGG-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.