Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Mr. Pádraig Mac Fhlannchadha:

Tá an ceart ag an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil géarchéim ann maidir le cainteoirí ó dhúchas sna limistéir Gaeltachta. Tuigeann an Roinn é seo go maith. Tá sé luaite go forleathan sa taighde náisiúnta atá déanta ar an oideachas sa Ghaeltacht. Tuigimid freisin ón léitheoireacht atá déanta againn go bhfuil go leor dúshláin roimh na scoileanna Gaeltachta chun freastal ar an éagsúlacht ó thaobh cúlraí teangan i measc na bpáistí atá ag freastal ar na scoileanna. Tá na cainteoirí dúchais ann, tá páistí ann ar tógadh le Béarla iad agus tá páistí ann nach í an Ghaeilge ná an Béarla an céad teanga dóibh. Cruthaíonn sé sin, in éineacht le méid beag na scoileanna, deacrachtaí ar leith.

Chuige sin, shocraíomar go ndéanfaimis athbhreithniú ar an oideachas sa Ghaeltacht. Tá go leor oibre déanta againn cheana féin. Mar shampla, d’fhéachamar ar an taighde náisiúnta, mar a luaigh mé, agus d’fhéachamar ar an taighde idirnáisiúnta agus céard a thiteann amach i gcomhthéacs na mionteanga eile in áiteanna a bheadh saghas cosúil leis an nGaeltacht. Níor fhéadamar teacht ar aon áit atá díreach cosúil leis an nGaeltacht ach áiteanna ina bhfuil cosúlachtaí áirithe ann. D’fhéachamar freisin ar chleachtas sna scoileanna. Thugamar cuairt ar shampla de na scoileanna agus d’fhéachamar ar céard a bhí ag titim amach agus conas a d’éirigh le scoileanna dul i ngleic leis na dúshláin ar leith a bhí rompu maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthair. Tá dreachtbheartais curtha le chéile againn agus tá siadsan á phlé anois ag leibhéal an Rialtais. Rachaidh sé sin i ngleic leis na deacrachtaí ar leith atá ann, go háirithe chun freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais. Chuige sin, táimid ag smaoineamh ar thréimhse thumoideachais dhá bhliain a cheadú sna scoileanna Gaeltachta agus, ar ndóigh, sna scoileanna atá lasmuigh den Ghaeltacht, ach bheadh an cinneadh sin á thógáil ag leibhéal na scoile féin, i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus na páirtithe éagsúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.