Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá me fíor-bhuíoch don dream a thug fianaise agus as ucht an deis a bheith againn an plé seo a bheith againn mar sílim go bhfuil muid ag plé cuid de na ceisteanna is tromchúisí ó thaobh oideachas Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh muid á phlé sin.

Tá sé ar nós go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag casadh an fidil agus an Róimh ag dó. Is léir ón méid atá na hoifigigh ón Roinn ag lua ó thaobh an rud atá ar bun maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nach dtuigeann siad an géarchéim atá á lua ag na dreamanna eile ar a gcúl. Tá géarchéim ann ó thaobh na cainteoirí dúchais. Is tuismitheoir Gaeltachta mé féin agus feicim páistí á thógáil le Gaeilge agus nuair a thagann siad ar ais ón scoil is treise a gcuid Béarla ná a gcuid Gaeilge. Tá lagú á dhéanamh ar a gcuid Gaeilge de bharr iad a bheith ag dul trí chóras oideachais in a bhfuil foghlaimeoirí ina measc. Nílim ag cur an locht ar na páistí sin, mar sin í an scoil go gcaithfidh siad freastal uirthi, ach tá sé sin cinnte go dtéann páistí áirithe ar scoil le Gaeilge líofa agus tagann siad ar ais le Gaeilge lofa. Tá an córas oideachais á chruthú sin.

Is géarchéim í, ní hamháin domsa mar thuismitheoir ná mar dhuine Gaeltachta, ach don tír freisin. Má táimid ag iarraidh go mbeadh tobar Gaeilge againn, áit gur féidir le daoine dul go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga beo phobail, tá ról lárnach ag an gcóras oideachais ansin. Tá faitíos orm nach dtuigeann an Roinn Oideachais agus Scileanna beag ná mór an fíorthábhacht bhaineann leis an gceist seo agus an géarchéim dáiríre atá ann. Tá an focal “géarchéim” luaite roinnt mhaith uaireanta inniu. Tá sé sin ann ó thaobh na curaclaim éagsúla. Níl mé ag iarraidh tosaíocht a thabhairt do haon dream faoi leith ach sílim nach bhfuil na héilimh atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta inniu cloiste i dTithe an Oireachtais roimhe seo go bhfios dom ó eagraíocht dá leithéid. Ba bhreá liom freagra a fháil ó ionadaigh na Roinne maidir leis na héilimh faoi leith atá déanta acu ó thaobh aitheantas do chainteoirí dúchais ach go háirid, an luath-tumoideachas agus mar sin de. B’fhéidir go mbeadh siad in ann teacht ar ais agus a rá linn céard a cheapann siad faoi na moltaí atá acusan agus an bhfuil an Roinn sásta na moltaí sin a chur i bhfeidhm agus iad a chur i bhfeidhm níos luaithe seachas níos dearnaí.

Is í an cheist mhór eile ná soláthar múinteoirí agus caighdeán na Gaeilge atá ag na múinteoirí sin. Má tá múinteoirí le droch-Ghaeilge ag múineadh Gaeilge do pháistí, beidh droch-Ghaeilge ag na páistí sin agus dá bhrí sin beidh caighdeán na Gaeilge á lagú agus á laghdú de réir a chéile. Caithfidh an Roinn aghaidh i bhfad níos mó a thabhairt ar sin. Bhí caint sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar choláiste oiliúna lán-Ghaeilge. Bhí caint go mbeadh a leithéid lonnaithe i mBaile Bhúirne, mar shampla. Anois níl muid ag caint ach ar seachtain breise i gConamara, nó i dTír Chonaill nó i gCiarraí do na múinteoirí atá sna ceantair Gaeltachta faoi láthair agus go mbeidh caighdeán na Gaeilge i bhfad níos fearr ag na múinteoirí sin mar gheall ar sin. Níl aon ghlac agam leis sin beag ná mór. Caithfimid i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh.

Tá moltaí an-tábhachtach déanta ag COGG chomh maith ó thaobh an cúrsa atá ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is léir go bhfuil ag éirí leis sin. An bhfuiltear sásta cead a thabhairt níos mó daoine a thógáil isteach ar na cúrsaí sin, ó thaobh an córas dara leibhéil, go mbeadh níos mó múinteoirí ag dul tríd an gcóras sin ar a laghad? Feicimid ar maidin go bhfuil níos mó gardaí le dul tríd an Teampall Mór. Ba cheart dúinn an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na múinteoirí le Gaeilge. Tá siad ag teastáil anois díreach, ní faoi cheann cúig bliana nó fiche bliain.

Tá imní orm nach mbeidh gá leis an straitéis 20 bliain níos mó faoin am a bheas sí tagtha chun críche mar nach mbeidh an Ghaeilge á úsáid. B’fhéidir go mbeidh na spriocanna bainte amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoin am sin ach beidh sé i bhfad ró-dhearnach. An bhfuil an Roinn go sonrach chun a cinntiú go mbeidh riachtanais cainteoirí dúchais san áireamh sa chúrsa nua don tsraith shóisearach seachas sa ghearrchúrsa roghnach a luadh ar ball beag?

Luadh comóradh 1916. An bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cinntiú go mbeidh chuile shórt a bheas á sholáthar ag an Roinn do na scoileanna le fáil i nGaeilge chomh maith le bheith le fáil i mBéarla? Tá ualach ceisteanna eile gur bhreá liom a chur chomh maith céanna ach fágfaidh mé an t-am ag na finnéithe chun teacht ar ais ar na pointí faoi leith atá ardaithe agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.