Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Áine Ní Neachtain:

Gabhaim mo bhuíochas as ucht an deis an cur i láthair seo a dhéanamh ós comhair an choiste inniu. Bunaíodh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo é sin a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá ós cionn 255 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill a bhaineann leas as na seirbhísí a chuireann muid ar fáil. Táimid maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus táimid aitheanta ag Údarás na Gaeltachta faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 mar eagraíocht chomhairleoireachta pleanála teanga.

Cé go mbíonn stocaireacht agus ionadaíocht ar bun ag coiste na heagraíochta, is eagraíocht pobail muid atá lonnaithe, bunaithe agus ag feidhmiú sa phobal le freastal a dhéanamh ar mhianta na dteaghlach Gaeltachta. Bíonn ócáidí agus imeachtaí sóisialta á n-eagrú againn ar bhonn rialta agus ar cheann de na tograí is mó atá idir láimhe againn faoi láthair tá ionad tacaíochta pobail atá á fhorbairt againn ar an gCeathrú Rua.

Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta. Tá athrú ollmhór tagtha ar úsáid na Gaeilge sa phobal Gaeltachta le blianta beaga anuas. Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann don chóras oideachais Gaeltachta san am a caitheadh ná an Ghaeilge a mhúineadh do na gasúir arbh é an Béarla a dteanga baile. D’éirigh leis na gasúir an teanga a fhoghlaim go leibhéal ardchumais. Ba é seo caighdeán a bhí ag teastáil lena gcuid foghlama a dhéanamh sa teanga sin agus ionas go mbeadh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh lena gcuid cairde a raibh an teanga sealbhaithe ó dhúchas acu.

Dúshlán eile a bhí ann ná freastal ar an imní a bhí ar a gcuid tuismitheoirí faoi chaighdeán Béarla na gcainteoirí dúchais ach d’éirigh leis an gcóras Béarla a mhúineadh do na gasúir seo freisin. Bhí an Ghaeilge á labhairt acu sa mbaile agus i measc an phobail níos leithne, bhí sí saibhir agus ní raibh aon imní á dhéanamh di.

Tá athrú tagtha ar an nGaeltacht, áfach. Tá sí athraithe ó bhun. Is pobal dhátheangach atá sa Ghaeltacht anois. Níl baol ann d’fhoghlaim an Bhéarla i measc cainteoirí dúchais. Níl an Ghaeilge chomh forleathan agus a bhí agus níl sé chomh éasca an teanga a mhúineadh don fhoghlaimeoir. Tá tacaíocht fós ag teastáil ón bhfoghlaimeoir, ó na gasúir sin nach í an Ghaeilge a dteanga baile agus aithníonn an Roinn Oideachais an méid seo. Tá sé riachtanach dar linn é seo a aithint.

Cad faoi na cainteoirí dúchais? Níl an cainteoir óg dúchais sa mhóramh sa Ghaeltacht níos mó ach amháin i bpobail agus i scoileanna eisceachtúla agus tá brú ar scoileanna, ar mhúinteoirí agus ar an gcóras dá bharr. D’éirigh leis an gcóras Gaeilge a mhúineadh do na foghlaimeoirí sna blianta atá caite go dtí leibhéal ardchumais. Ach agus líon na gcainteoirí dúchais ag laghdú, níl sé chomh éasca é sin a dhéanamh. In áit an foghlaimeoir a bheith báite i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh is é a mhalairt atá ag tarlú sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Cruthaíonn sé seo fadhbanna go háirithe nuair is mionteanga í atá á phlúcadh anois ag an mórtheanga. Tá an scoil ar cheann de na háiteanna is mó a bhíonn an cath seo idir an dá theanga ar bun. Tá togha na múinteoirí againn sa Ghaeltacht agus tá togha na scoileanna inti. Ach ar aon dul le hospidéil agus na dochtúirí agus banaltraí atá ag obair iontu, ní dhéanfar freastal ceart ar na hothair nuair nach bhfuil an córas ag feidhmiú mar is ceart.

Ta athrú tagtha ar chúrsaí agus tá tacaíocht bhreise ag teastáil go práinneach ón gcainteoir dúchais sa chóras oideachais dá réir. Is í seo tacaíocht nach bhfacthas go raibh práinn chomh mór leis san am atá caite. Mar thuismitheoirí, is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh faoin teanga a bhíonn in úsáid sa mbaile agus is fúinne atá sé sna blianta tosaigh sealbhú na teanga seo a chinntiú. Ina dhiaidh sin, táimid ag brath go mór ar an gcóras oideachais le go gcinnteofar go sealbhóidh ár ngasúir teanga go leibhéal cumais an chainteora dhúchais. Ar an drochuair, tá na staitisticí agus na fíricí ann a léiríonn nach bhfuil ag éirí leis an gcóras oideachais é seo a chur i gcrích. Léiríonn an t-iniúchadh ar an gcumas dhátheangach, taighde ar an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, go bhfuil cainteoirí óga dúchais níos cumasaí sa Bhéarla anois ná mar atá ina dteanga dúchais Gaeilge. Taighde é seo a deineadh ar ghasúir arb í an Ghaeilge a dteanga baile sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na Gaeilge de sa tír.

Léiríonn torthaí an taighde seo go bhfuil éigeandáil, géarchéim teanga sa Ghaeltacht faoi láthair. Mar thuismitheoirí táimid ag iarradh go ndéanfaí gníomh ina leith seo ar bhonn práinne. Tá an taighde foilsithe i bhfoirm leabhair, agus tá achoimre i mBéarla scríofa ag duine de na húdair, Conchúir Ó Giollagáin, agus tá sé sin curtha ar fáil againn mar chuid den chur i láthair seo.

Cad atá ag teastáil uainne? Cad atá á éileamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta? Is tráth cinniúnach é seo sa phróiseas pleanála oideachais sa Ghaeltacht. Tá obair ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar churaclam nua teanga bunscoile. Tá athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an oideachas sa Ghaeltacht agus tá próiseas comhairliúcháin faoi churaclam Gaeilge don tsraith nua shóisearach.

Anois an t-am don Roinn Oideachais agus Scileanna gníomh a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais teanga gach uile pháiste sa chóras oideachais sa Ghaeltacht – an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir. Bheadh súil againne mar thuismitheoirí go n-aithneodh an Roinn Oideachais an phráinn atá leis seo.

Cén chaoi a dhéanfar freastal ar riachtanais an chainteora dúchais mar sin? Mar thoradh ar an obair ar fad atá luaite cheana bheadh muide mar thuismitheoirí Gaeltachta ag súil le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil cainteoirí dúchais ann agus go bhfuil sainriachtanais bunúsacha acu. Bheadh muid ag súil go mbeadh an luath tumoideachas iomlán i bhfeidhm go héigeantach agus go críochnaitheach i ngach uile scoil Gaeltachta ar feadh an chéad sé théarma scoile i.e. suas go dtí tús rang a haon.

Bheadh muid ag súil go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí i bhfeidhm a thabharfadh cosaint do scoileanna Gaeltachta. Thabharfadh an polasaí seo aitheantas faoi leith do na scoileanna seo. Bheadh muid ag súil go gcuirfeadh nósmhaireacht cigireachta faoi leith i bhfeidhm iontu. Chiallódh a leithéid de plolasaí nach mbeadh scáth ná faitíos ar phríomhoide, mar shampla, an tumoideachas a chur i bhfeidhm go hiomlán. Bheadh muid ag súil go mbeadh trialacha caighdeánaithe Gaeilge á gcur ar pháistí agus nach mbeadh brú ar scoileanna tús a chur leis an léitheoireacht Bhéarla le go bhféadfaí na trialacha caighdeánaithe Béarla a chur ar pháistí. Bheadh muid ag súil mar chuid de seo go mbeadh polasaí iomlán Gaeilge i bhfeidhm sa scoil agus béim ar an saibhriú teanga agus ar nósmhaireacht teanga go foirmeálta, go neamhfoirmeálta agus go sóisialta i ngach uile aon ghné den obair agus i ngach aon chuid den lá scoile.

Bheadh muid ag súil go mbeadh curaclam faoi leith ann a dhéanfadh freastal ar an gcainteoir dúchais, agus siollabais a dhéanfadh freastal ar na hardréimeanna teanga. Thabharfadh curaclam mar seo tús áite don teanga, bheadh dúshláin ann don chainteoir dúchais agus chinnteodh sé go mbainfeadh siad taitneamh as an bhfoghlaim.

Bheadh muid ag súil go gcuirfí na háiseanna teagaisc agus foghlamtha cuí ar fáil, obair a bhíonn ar bun go cumasach ag COGG, ábhar leictreonach nua aimseartha ina measc. Bheadh muid ag súil freisin le córas le foghraíocht na Gaeilge a mhúineadh agus go gcuirfí an t-ábhar tacaíochta cuí ar fáil mar chuid den chóras seo. Bheadh muid ag súil le haipeanna, leabhair leictreonacha agus córais ríomhaireachta eile, ábhar do dhianchúrsaí idirghabhála léitheoireachta agus go soláthrófaí ábhar do shiollabais agus do churaclaim nua go comhuaineach leis an ábhar Béarla i measc go leor leor eile.

Ag an dara leibhéal, bheadh muid ag súil le curaclam Gaeilge faoi leith a bheadh dírithe ar an gcainteoir dúchais le freastal ar na hardréimeanna teanga.

Bheadh muid ag súil go gcuirfí córas i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí ann a mbeadh ardchaighdeán Gaeilge acu agus oiliúint curtha orthu le go mbeidh siad in ann freastal ar an gcainteoir dúchais agus go mbeidh eolas faoi leith acu ar an oideachas Gaeltachta.

Bheadh muid ag súil go ndéanfaí na scoileanna beaga Gaeltachta a chosaint agus go dtabharfaí aitheantas ceart do na seirbhísí tacaíochta teanga a bhíonn á maoiniú ag Ranna Stáit eile i scoileanna Gaeltachta. Bheadh muid ag súil go mbeadh na seirbhísí seo lárnach sa chóras oideachais Gaeltachta agus go ndéanfaí na seirbhísí seo a threisiú.

Bheadh muid ag súil freisin go gcoimeádfar na tagairtí do thábhacht na Gaeilge san Acht Oideachais agus go ndéanfaí na tagairtí sin a láidriú.

D’éirigh níos fearr leis an Stát seo ná mar atá éirithe le tíortha eile san Eoraip, mionteanga dúchasach a chaomhnú san am atá caite ach táimid faoi ladhair an chasúir anois. Ní bheidh deis chomh maith seo arís againn ag an am cinniúnach seo do phobal na Gaeltachta. Caithfear gníomhú anois. Níl aon ghuth ag an leibhéal seo ag na gasúir atá sa chóras faoi láthair. Is muide a nguth agus ba mhaith linne, Tuismitheoirí na Gaeltachta, achainí a dhéanamh ar na Teachtaí agus na Seanadóirí atá anseo tacú linne sna héilimh atá á dhéanamh anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.