Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Role and Remit: Office of the Ombudsman for Children

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an Uasal Muldoon ina ról nua. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh duine cumasach sa ról. Bhí caidreamh an-mhaith againn le Emily Logan ar an gcoiste seo. Rinne sí sár-jab ar fad. Tá mé cinnte ón méid a chloisim faoi cháil an tUasal Muldoon nach mbeidh aon laigeacht ar chor ar bith ar an ombudsman, ar a oifig ná ar an obair a dhéanfaidh sé. Guím gach rath air. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis. Ní le haghaidh masla atá má ag labhairt Gaeilge, ach mar gheall go bhfuil ceist faoi chúrsaí Gaeilge agam. Tá cúpla ceist eile agam freisin. Dúirt an ombudsman ina tuairisc go mbaineann 43% nó mar sin de na gearáin a dhéantar le cúrsaí oideachais. An mbeadh sé in ann tuilleadh a rá linn faoi na cineálacha gearáin a thagann isteach? An bhfuil siad ar fad mar a chéile? An bhfuil go leor ceisteanna nó fadhbanna difriúla a thagann chun cinn? Tá mé thar a bheith sásta leis an ráiteas atá déanta ag an ombudsman faoin gcóiriú díreach, nó direct provision. Aontaím leis go bhfuil sé sin iontach tábhachtach. Dúirt sé nach bhfuil an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar chomhintinn leis. An bhfuil an Roinn tar éis é sin a chur i scríbhinn? Má tá, céard í an chúis atá tugtha acu chun é sin a mhíniú? An bhfuil an oifig ábalta déileáil le iarratais as Gaeilge ó thuismitheoirí atá ag iarraidh seirbhísí as Gaeilge ar son a bpáistí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.