Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Is onóir mhór dom í a bheith anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste ar an ábhar "Ógra, Alcól, Drugaí agus Oideachas". Is téama fíor-ghinearálta é seo agus mar amhlaidh do chách, tá a lán tuairimí agamsa ina thaobh. I dtús báire, tarraingfdh mé sreac-fhéachaint ar an scéim mar a fheictear domsa í. Ní shéanfaí go bhfuil clú agus cáil ag muintir na hÉireann de bharr an spraoi, an spóirt agus an criac atá mar de dhlúthchuid dár gcultúr. Is sinne a chumadh an focal "craic", nach sinn? Tá cáil orainn chomh maith as an oideachas den scoth atá sa tír. Oileán na naomh 's na n-ollamh a thugtar an an oiléan beag seo ach is amhlaidh go bhfuil droch-cháil orainn leis an dúil mhór atá againn san alcól. Is oth liom a rá go bhfuil an droch-cháil atá orainn, maidir leis an dúil atá againn i ndrugaí ag dul i mhéad in aghaidh an lae. Baineann alcól le gach ghné den ghnáth shaol sa tír seo. Is nós é.

Címid físeanna ar an Idirlíon de dhaoine ag glacadh páirte i gcluichí óil. Tuigimid ar fad na toscaí agus hiarmhairtí. Címid na fógraí gach aon lá ag tabhairt foláirimh dúinn faoin dochar a dhéanann an iomarca alcóil. Más duine tú atá faoi 18 a bhíonn ag ól, is scéal ollmhór é. Bíonn ort, de ghnáth, do chuid ólacháin a dhéanamh faoi rún agus bréaga a insint i dtaobh do chuid nósanna ólacháin. Nach droch nós é sin? Má bhíonn easpa macántachta agus easpa fírinne maidir le nósanna alcóil i dteaghlach, cruthaíonn sé sin easpa muiníne eatarthu as a chéile. Is scáth dorcha an t-alcólachas ar an dteaghlach ar fad nuair a chailltear iontaoibh dá dheasca.

Ag casadh ar scéal na ndrugaí, ceaptar gur scéal níos dorcha é scéal na ndrugaí, ach ní fíor é sin in aon chor. Is é an drochscéal ceannann céanna é faraoir. Tá drochrún dorcha ag roinnt le drugaí agus daoine den tuairim gur fearr a bheith rúnda agus tostach faoi agus iad a leanúint gaois an tseanfhocail gur binn béal ina thost, ach ní binn béal ina thost. Táimse ag rá nach binn in aon chor, ach a mhalairt. Bíonn andúileach ag baint le gach saghas drugaí, ó hearóin go halcóil go paraicéiteamól agus bíonn droch thionchar ag gach ceann díobh ar shláinte an duine i shlí amháin nó ar shlí eile - de chúis nach bhfuilimid ag caint faoi seo nó á phlé.

Creidim nach bhfuil go leor oideachais á chur ar aosóg na tíre ná ar an bpobal i gcoitinne faoi drugaí nó faoin gcontúirt mhillteach a bhaineann leo. Tá géarghá ann sinn ar fad a chur ar an eolas faoi na saghasanna drugaí atá ar fáil agus mar a théann siad i bhfeidhm ar an duine aonair nó a mhuintir. Tá andúiligh ríshoiléir sa tsochaí. Ní púcaí iad agus caithfimid aghaidh a thabhairt orthu.

Níl tuairim agamsa cad ba chóir dom a dhéanamh má thógann duine de mo chomhluadar ródháileog drugaí. Má chuirim fios ar na seirbhísí éigeandála, an mbeidh mise ciontach as a bheith sa chomhluadar ceanann céanna leo siúd a ghlac na drugaí? Ba dheacair cinneadh a dhéanamh is cás éigeandála romhat de dheasca an easpa eolais atá i réim in Éirinn mar gheall ar drugaí. Tá mistéir rómhór ag baint le scéal na ndrugaí agus táimid ar fad ag bá in umar seo an aineolais. Tá suim ag daoine sa cheist, gan dabht. Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar an Idirlíon chun teacht ar go leor ceisteanna faoi drugaí agus faoin alcól. Is mithid dúinn tosnú ar na ceisteanna sin a fhreagairt. Ardaímis ualach an rúin agus tugaimis aghaidh ar fhírinne an tsaoil atá curtha faoi cheilt orainn i láthair na huaire.

Cad is Ógra ann? Is daoine sinn, daoine atá beo, daoine le smaointe. Níl aon ghá sinn a chur faoi chosc nó sinn a choimeád faoi smacht an aineolais. Tabhair muinín dúinn trí oideachas a thabhairt dúinn maidir le gach gné de drugaí agus d'alcól. Chruthaíomar an tsochaí seo agus ní cóir dúinn cosc a chur ar shreabhadh an eolais.

Is galar uaigneach í anandúil agus bíonn an t-andúileach ina aonar in áit an-dorcha go minic. Is féidir linn an fáinne fí a bhriseadh. Dá dtuigfeadh níos mó daoine cás an andúiligh, nach méadódh sé sin spiorad an duine? Fáiltím roimh na háiseanna nua atá á n-oscailt a thugann tacaíocht d'andúiligh agus dá mhuintir. Caithfear cur leis an tsaghas sin tacaíochta ar fud na tíre. Foghlaimígí uainn, éistigí linn agus éistfimid freisin. Foghlaimímis ó Labhraidh Loingsigh, an rí leis na cluasa capaill agus scaoilimis le hualach dorcha an rúin. Cuir oideachas cuí oiriúnach ar ógra na hÉireann mar gheall ar alcól agus drugaí. Is ar scáth a chéile a mhairimid. Go raibh míle maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.