Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

2:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáil réidh le rud amháin. Nuair a luaigh mé gur é seo an tríú ham, gur eol domsa, go raibh cúraimí Gaeltachta ar Aire Stáit, luaigh mé nuair a bhí an Teachta Ó Cuív é féin ina Aire Stáit agus Síle de Valera ina Aire sinsearach ag an am. Bhí ard mheas agam uirthi agus chuamar ar aghaidh go han-mhaith le chéile. Bhí cur agus cúiteamh againn go minic. Rinne mé an pointe ina dtaobh chun a léiriú nach é seo an chéad uair a tharla sé. Ba mhaith liom sin a shoiléiriú ar eagla go mbeadh aon mhíthuiscint ann. Ní raibh aon rud agam ina héadan ag an am.

Maidir leis an dara ceist faoi ar athraíodh an straitéis. Athraíonn rudaí. Cé mhéad doiciméad ar cuireadh amach riamh nach raibh athruithe iontu? An rud atá ráite ag an Rialtas ná go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus is féidir. Is cuma cad é, ní fhaca mé doiciméad riamh as ar cuireadh gach rud i bhfeidhm chomh luath agus ab fhéidir - fiú amháin an comhaontú Thuaidh-Theas, Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an comhaontú sin déanta le beagnach 20 bliain agus níl na rudaí uile a ghealladh ann curtha i bhfeidhm. Fiú amháin an bíobla, tá go leor rudaí ann atá ar eolas againn le 2,000 bliain, ach tháinig athruithe orthu.

Níl an méid atá sa straitéis greanta i gcloch, ach caithfidh muid oiread agus is féidir linn a chur i bhfeidhm chomh maith agus is féidir linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.