Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

2:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Rinneadh dearmad sa bhliain 1997 nuair a cheapadh Aire Gaeltachta sinsearach nach raibh Gaeilge aici. Ba í mo chol ceathrar féin í. Bean bhreá í agus tá an-mheas agam uirthi, ach cheap mé gur dhearmad é ag an Taoiseach ag an am - agus dúirt mé sin leis - nach raibh Gaeilge ag an Aire. Nílim ag rá nár cheart do Shíle de Valera a bheith ina hAire, ach dar liomsa gur ceart d'Aire na Gaeltachta a bheith ina Aire sinsearach. Mar is eol don Aire Stáit, ghlac an Chomh-aireacht deiridh leis gur dhearmad an rud a rinneadh san am atá caite - Aire sóisearach Gaeilge a cur in áit agus gan an tAire sinsearach a bheith freagrach ó lá go lá as an nGaeilge. Chonaic muid na dearmaid.

An smaoineamh a bhí leis an straitéis ná bogadh ar aghaidh ó dhearmaid an ama atá caite agus teacht ar chur chuige nua. Scríobh muid sin d'aon turas istigh anseo, dá mba rud é go raibh muid chun dul chun cinn a dhéanamh, go gcaithfeadh an tAire Gaeltachta a bheadh freagrach ó lá go lá a bheith ag Bord an Rialtais. Tugadh an moladh sin isteach sa choiste seo, agus bhí an tAire Stáit mar cheann ar an bhFreasúra ar an gcoiste agus chaith muid sé mhí ag dul timpeall na straitéise. Míníodh gurb é a bhí i gceist ná go mbeadh Aire sinsearach ann agus nach ndéanfar na dearmaid céanna a rinne Fianna Fáil agus Rialtais eile san am atá caite maidir le stádas na Gaeilge ag Bord an Rialtais.

Ní raibh gíog ná míog as aon duine faoi seo; thacaigh siad ar fad leis an straitéis. Mar a deirtear faoi chonradh Luimnigh, ní túisce go raibh an dúch tirim, ná go raibh ceann de bhun clocha na straitéise curtha ó mhaith - is é sin go mbeadh an duine istigh ag Bord an Rialtais agus smacht aige nó aici ar acmhainní iomlán na Roinne leis an jab a dhéanamh ar son na Gaeilge. Bheadh sé nó í ag Bord an Rialtais agus, mar a dúirt an tAire Stáit faoi féin - freagrach go huile as an straitéis a chomhordú. Má tá an té atá freagrach ó lá go lá ag Bord an Rialtais, leis an gceathrar déag eile, tá sé in ann an comhordú sin a dhéanamh, mar beidh sé ag casadh leo gach Máirt ar a laghad. Ní hamhlaidh d'Airí Stáit. Tá a fhios sin agam, mar bhí mé i m'Aire Stáit agus ní bhíonn cruinnithe ag Airí Stáit le chéile leis na hAirí sinsearacha go seachtainiúil leis an gcomhordú seo a dhéanamh go neamhfhoirmeálta chomh maith le go foirmeálta. Baineadh bun chloch mhillteanach den straitéis nuair a cuireadh leathanach 10 den straitéis in aeir.

An féidir leis an Aire Stáit a rá liom cé mhéad duine atá ag obair san aonad straitéise? Freisin, ar tugadh isteach saineolas ón taobh amuigh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.