Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

4:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé buíoch go raibh an tAire Stáit linn inniu. Cé nach bhfuil mé sásta le cuid de na freagraí atá faighte agam, sílim go bhfuil soiléiriú níos mó faighte agam ar seasamh an Rialtais i leith na straitéise. Ní bhfuaireamar a leithéid de fhreagairt nuair a chuireamar go leor ceisteanna roimhe seo. Sílim go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuilimid ag díriú ar an straitéis agus na ceisteanna seo á gcur againn. Is é sin an jab a tugadh dúinn. B'fhéidir nach dtaitníonn sé sin le Teachtaí eile atá i láthair, ach is é sin atáimid ag iarraidh a dhéanamh mar sin féin.

Mar chlabhsúr agus mar chéim dhearfach chun cinn ó thaobh an chuid eile den phlé a bheidh againn anseo, bheadh sé soiléir dá mbeadh an tAire in ann a rá linn an bhfuil cuspóirí sonracha na straitéise mar a chéile i gcónaí ó thaobh an Rialtais de? An bhfuil siad athraithe? Dá mbeinn ag tógáil tí, mar shampla, agus buiséad faoi leith i gceist, chuirfinn na rudaí uilig is mian liom isteach i mo phlean tógála. Dá ndéarfaí liom "níl an oiread céanna airgead agat, so caithfidh tú gearradh siar beag a dhéanamh", b'fhéidir nach mbeadh na seomraí baile chomh mór, b'fhéidir nach mbeadh an oiread seomraí ann, nó b'fhéidir nach mbeadh aon conservatory os comhair an tí.

Luaigh an tAire Stáit le linn na gcruinnithe go bhfuil rudaí áirithe nach mbeifear in ann a chur i bhfeidhm ó thaobh na straitéise de mar gheall ar dheacrachtaí acmhainne, srl. Glacaim leis, dá bhrí sin, go mbeidh sé níos deacra na cuspóirí sonracha a bhaint amach mar gheall nach mbeidh na rudaí ar fad atá luaite sa straitéis á gcomhlíonadh. Is é sin an fáth a bhfuil soiléiriú á lorg agam. Tá na cuspóirí sonracha leagtha amach ar leathanach 9 den straitéis. Deirtear go bhfuil sé mar aidhm "an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an nGaeilge [a ardú] ón 1.66 milliún atá ann faoi láthair go 2 mhilliún" agus "an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá [a ardú] ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000". An bhfuil an tAire Stáit ag rá go gceapann sé go mbainfidh sé na cuspóirí sonracha amach fós, cé nach gcuirfear an straitéis iomlán i bhfeidhm? An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na cuspóirí sonracha? Má tá, céard iad na cuspóirí nua?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.