Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl aon rud le rá agam maidir leis an fheidhmeannas sláinte ná faoi aon Rúnaí Roinne a ghlaoch isteach anseo. Ar ndóigh, is gnó don choiste é sin. Ní chuirfidh mise aon chosc orthu teacht isteach. Aontaím leis an méid a dúradh maidir le go bhfuil deacrachtaí maidir le seirbhísí Gaeilge ann le blianta fada. Táimid ag tabhairt faoi sin anois ag an leibhéal earcaíochta.

Tá dearmad déanta ar sin. Ní fiú cad atá á dhéanamh ag daoine áirithe. Táimid tar éis tús a chur le rud a cuireadh deireadh leis 40 bliain. Níl leisce orm é sin a admháil. Mar a dúirt mé, tá gach Roinn ag fáil amach cén áit ina bhfuil gá le daoine chun seirbhísí a sholáthar sa Roinn sin. Tá treoir curtha ar fáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá rudaí an-deimhneacha ag tarlú.

D'fhéadfainn teacht isteach anseo achan seachtain chun dul tríd gach focal ar gach líne. Sa deireadh thiar thall, áfach, is é an rud is tábhachtaí maidir leis an straitéis ná na príomhrudaí sa straitéis a chur i bhfeidhm i measc an phobail. Níl mórán suim ag pobal na Gaeltachta faoin mhéid atá sa líne seo nó sa líne siúd. Tá suim acu sa mhéid atá ag tarlú ar an talamh i measc a bpobail féin. Tá suim acu sna seirbhísí éagsúla - sa chóras oideachais, mar shampla - atá de dhíth orthu. Cé nach mbaineann siad go díreach linn, tá suim acu sna seirbhísí eaglaise atá de dhíth orthu. Tá na rudaí seo ar siúl sna ceantair seo. Tá sé i gceist agam m'aire a dhíriú, agus tacaíocht a léiriú, i dtaobh an méid atá ag dul ar aghaidh i measc an phobail ar an talamh. Tá súil agam nach dtógfaidh duine ar bith a súil ón mhéid sin. Is féidir díospóireacht a bheith againn ar fhocail bheaga, nó ar líne anseo is ansiúd, ach is fearr díriú isteach ar an mórphictiúr - an méid atá ag dul ar aghaidh i measc mórphobal na hÉireann agus an méid is féidir linn a dhéanamh chun freastal orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.