Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:55 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní ball den chomhchoiste seo mé ach is cuairteoir mé. Tá díomá orm agus mé ag éisteacht leis an díospóireacht mar tá cluichí polaitiúla i gceist agus níl mórán suime agam sna cluichí sin. Is cinnte go bhfuil ról ag an Rialtas maidir le seo, ach mar a dúirt an tAire Stáit, tá ról ag na comhlachtaí poiblí eile chomh maith. Níl a fhios agam ar phlé an coiste an cheist seo roimhe seo, ach creidim gur cóir cuireadh a thabhairt do phríomhfheidhmeannaigh an HSE, RTE, an Garda Síochána agus eagrais eile chun plé a dhéanamh ar an cheist seo.

Tá earcaíocht ag tosú sa Gharda Síochána go luath, mar shampla, agus b'fhéidir go mbeimis in ann tosú leis an gcoimisinéir le fáil amach céard atá á dhéanamh sa Gharda Síochána agus an bhfuil sé sásta go mbeidh an méid gardaí atá líofa sa Ghaeilge a theastaíonn aige i ndiaidh na hearcaíochta sin. Mar a dúirt mé, tá ról ag an Rialtas, ach tá ról ag na heagrais eile chomh maith, ach b'fhéidir nach bhfuil an tsuim acu sna scéimeanna teanga agus ba cheart a bheith acu.

Tá sé soiléir go bhfuil daoine ag iarraidh an mhilleáin a chur ar an Aire Stáit faoi gach rud agus faoi chaighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá a fhios ag gach duine nach bhfuil an caighdeán maith go leor, ach tá ról ag gach duine é sin a chur ina gceart. Ní féidir an milleán a chur ar an Aire Stáit ná ar an Rialtas faoi seo. Tá laghdú ag teacht ar an gcaighdeán ar feadh na mblianta. Ó bheith ag éisteacht le daoine eile anseo, cheapfaí go raibh daoine Gaeltachta in ann na seirbhísí ar fad a fháil trí Ghaeilge i 2008, 2009 nó 2010. Níl sé sin fíor; ní raibh siad.

Tá a fhios ag gach duine go raibh feachtas ag Conradh na Gaeilge agus bhí an ceart sin aige. Níl fadhb ar bith agam faoi go raibh daoine amuigh ag máirseáil ná go bhfuil muintir na Gaeltachta ag iarraidh a gcearta a fháil. Ba cheart go mbeidís in ann na seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, ach ní hionann sin agus a rá go raibh na seirbhísí sin ar fáil cúig nó trí bliana ó shin. An ról atá againn anois ná dul tríd an straitéis agus féachaint chuige go gcuirtí i bhfeidhm í, seachas a bheith ag imirt cluichí polaitiúla anseo. An bhfuil toghchán ag teacht nó rud éigin? Tá suim ag gach duine sa Ghaeltacht go ndéanfaí dul chun cinn leis an straitéis agus caithfidh muid sin a dhéanamh. Ní cóir an milleán a chur ar an Rialtas maidir leis an gcaighdeán, mar níl sé i gcumhacht ach le trí bliana anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.