Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
5:15 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Sílim féin go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar fud na tíre maidir le feiceáileacht na Gaeilge, más féidir é a chur mar sin. Tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil dul chun cinn mór déanta, fiú amháin i ngnóthaí príobháideacha nach bhfuil aon dualgas orthu ó thaobh an Achta de. Tá siad ag déanamh iarrachta. Sna margaí agus mar sin de, tá dátheangachas le feiceáil go soiléir.
Ar ndóigh, níor mhaith liom go mbeadh aon airgead á chur amú. Níl airgead sa tír le cur amú i láthair na huaire. Caithfidh muid a admháil go mbíonn deacrachtaí ag comhlachtaí poiblí chomh maith. Go minic, bíonn easpa foirne a bhfuil Gaeilge acu orthu. Táimid ag iarraidh díriú isteach ar sin. Chomh maith le sin, bíonn daoine ag éirí as obair, ach níl daoine á ghlacadh isteach ina n-áit agus bíonn easpa foirne orthu. Bíonn daoine ag athrú post agus cuireann sin isteach orthu. Sin ráite, níl dabht ach go bhfuil dul chun cinn mór déanta. Duine ar bith a thagann isteach sa tír, ó thagann siad isteach ag an aerfort bíonn an dátheangachas le feiceáil go soiléir.
No comments