Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

5:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Deir an tAire Stáit go bhfuil easpa acmhainní ann, ach an nglacann sé leis go bhfuil go leor den fhaillí atá dhá dhéanamh ag comhlachtaí Stáit ag cur airgid phoiblí amú, mar nach bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeilge. Tabharfaidh mé sampla mar shampla. Le gairid, cuireadh go leor comharthaí suas i gConamara agus ar chuid acu bhí "Danger of Flooding" scríofa agus os cionn sin, "Boal Tuilte", cibé céard é "Boal Tuilte". Caitheadh iad a bhaint anuas agus comharthaí nua leis an rud a bhí i gceist acu a rá - "Baol Tuilte" a chur in airde. Chuaigh comharthaí eile suas le gairid agus "Entrance" orthu i mBéarla agus in ionad "Slí isteach" nó "Bealach Isteach" a bheith scríofa orthu, tá "Iontrála" - an tuiseal ginideach - orthu. Níl aon leithscéal dó sin; is cur amú airgid é, ach ní chloisim na daoine atá buartha faoi chur amú airgid riamh ag tabhairt amach faoin ollchur amú airgid atá i gceist sa Stát seo mar nach féidir le daoine seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil, fiú sna rudaí beaga simplí.

Céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh faoi sin? An bhfuil sé i gceist aige fíneáil a chur ar chomhlachtaí agus údaráis áitiúla a chuireann airgead an Stáit amú? An bhfuil sé i gceist aige forálacha a thabhairt isteach san Acht nua ag rá go dtiocfaidh fíneáil ar chomhlachtaí nach bhfuil sásta a gcuid dualgas a chomhlíonadh i rudaí simplí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.