Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 January 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga
1:10 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an coimisinéir agus buíochas a ghlacadh leis as ucht glacadh leis an gcuireadh a thugamar dó tamall de bhlianta ó shin bheith mar Coimisinéir Teanga. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair atá déanta aige. Is trua liom go bhfuil sé ag éirí as a phost ach tuigim na fáthanna atá mínithe aige go soiléir.
Má tá muid fírinneach faoi, tá cuid den fhadhb ag baint leis an Oireachtas. Seachas a bheith ag díriú ar na rudaí a bhféadfadh chuile duine eile a dhéanamh maidir leis an gceist seo, sílim gurb é an rud ba mhó a bhféadfadh an coiste seo a dhéanamh anois ná ceist a chur orthu féin céard a bhféadfadh muide, mar Oireachtas, a dhéanamh le díriú isteach ar na fadhbanna atá luaite ag an gcoimisinéir. Tá go leor go bhféadfadh muid a dhéanamh. Tá taithí agam ar choistí eile agus cuireann siad a gcuid oibre i gcríoch ar bhealach cuimsitheach, slachtmhar, ach ar bhealach a thógann an t-uafás oibre. Ní réiteofar aon cheann de na fadhbanna seo gan dua. Caithfidh muide ceist a chur orainn féin mar Oireachtas - an bhfuil muid sásta an dua a chur orainn féin?
An chéad rud gur mhaith liom tagairt a dhéanamh dó, agus thagair an coimisinéir do seo, ná do ceist a chur mise síos chuig an Aire Caiteachais Phoiblí maidir le cé mhéid duine sa Státseirbhís a raibh ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla agus trí Ghaeilge. D'iarr mé céard a bhí i gceist ansin leis an líon sin a mhéadú agus an ndéanfadh sé ráiteas ina thaobh. Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí atá freagrach as an Státseirbhís, ach an rud ba aistí faoi seo ná gur chuir an Roinn an cheist seo thart ar fud an Tí, chuig chuile Roinn Stáit, amhail is nach raibh dream amháin freagrach as earcaíocht sa tseirbhís poiblí agus ag déanamh soiléir nach bhfuil aon phlean lárnach ag an Roinn.
Mar a deireann an coimisinéir, bhí na freagraí spéisiúil. Fuair mé freagra ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ach ní bhfuair mé freagraí. Dúirt an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil 1.5% dá bhfoireann ábalta feidhmiú sa dá theanga. Dúirt an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil go bhfuil 31 duine, nó 4% den bhfoireann, a raibh an cumas feidhmiú sa dhá teanga acu. Dúirt an Roinn Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta go raibh an cumas seo ag 90 duine, 15% den bhfoireann. Fuair mé freagra ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ach níor freagraíodh an cheist a chur mé. Dúirt an tAire Cosanta go bhfuil naonúr sa Roinn, ach níor tugadh an céatadán dom.
D’iarr mise dhá rud i mo cheist – cé mhéid duine agus cén céatadán. Sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tá an cumas feidhmiú sa dá theanga ag 1%, nó 35 duine. Bheinn beagnach in ann ainmneacha a chur orthu sin. Sa Roinn Sláinte tá deichniúr, nó 3% agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tá 2.6%, nó 55. Ní bhfuair mé aon fhreagra ó na Rannaí eile. B’fhéidir nach bhfuil siad ann níos mó.
Is léir go bhfuil fíor bheagán duine sa Státseirbhís a bhfuil ar a gcumas feidhmiú sa dhá teanga. Má chuireann muid sin i gcomparáid le líon na ndaoine a deireann go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil mar chéatadán den phobal, is léir – ainneoin an rud a bheifeá ag súil leis – gur luath ná meán é. Ó tharla gur aicme le hoideachas iad an dream atá ag obair sa Státseirbhís, bheadh muid ag súil go mbeadh an céatadán de dhaoine a bheadh inniúil ar an dá theanga a úsáid níos airde ná líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa tír.
Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Uimhir a haon, is léir nach bhfuil aon bhunachar lárnach ag an Roinn Caiteachais Poiblí, an Roinn atá i gceannas ar chúrsaí foirne, ar cé mhéid daoine atá ar a gcumas feidhmiú go ceart agus go cuí i nGaeilge agus i mBéarla. Uimhir a dó, rud atá a fhios againn le fada, níor shuigh éinne síos sa Roinn sin go fóill le hoibriú amach cé mhéid duine a theastódh leis na seirbhísí a chur ar fáil. Uimhir a trí, is féinmheastóireacht a bhíonn i gceist i gcónaí le ranganna Gaeilge. Ní chreidim sna ranganna Gaeilge seo. Má tá duine ag cur seirbhíse ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, caithfidh caighdeán an chainteora dúchais, geall leis, a bheith acu. Tá an caighdeán sin leagtha síos i gCeanada.
Creidim go gcaithfidh aon teastasú a bhainfeadh le haon chóras sa seirbhís poiblí, ach an oiread leis an teastasú a bhaineann le tiomáint, a bheith neamhspleách. Samhlaigh, dá dtiocfadh an saol amárach go bhféadfaí jab a fháil sa Státseirbhís a raibh tiomáint riachtanach agus go bhféadfadh an Roinn a rá go bhfuil sé sásta go bhfuil an duine in ann tiomáint, seachas go mbeadh dream neamhspleách ann go bhfuil an cúram orthu an teastas tiomána a thabhairt. Rinne muid é sin, córas neamhspleách a chur ar fáil, i gcás na n-aistritheoirí. Tá an ceart ag an gcoimisinéir faoin mhéid a dúirt sé faoin múinteoireacht. Má bhreáthaíonn muid sa straitéis, déantar iarracht déileáil leis an oideachas ar an mbealach go mbeadh daoine cáilithe le múineadh in nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
Seo an áit a thagann an cheist dúinne. Dar liomsa go mba cheart don choiste seo obair a thógáil orthu féin. Táim chun clár oibre a leagaint amach a cheapaim a bheadh réasúnach. Uimhir a haon, go dtógfadh an coiste seo ar féin an cheist maidir le cúrsaí pearsanra le Gaeilge sa státcóras a iniúchadh, finnéithe a thabhairt isteach anseo ó na heagrais cuí agus tuarascáil traspháirtí a réiteach le moltaí, ciallmhara stuama ann ar cén chaoi le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá tuarascáil mar sin réitithe ag an gcoiste agus an fochoiste talmhaíochta agus d’fhoilsíodh ceann in Inis Oírr le gairid. Is féidir le coiste sin a dhéanamh. Dá mbeadh sin ann, d’fhéadfadh muid dul traspháirtí leis. Tá rud maith amháin sa Dáil anseo, mura dtagann an páirtí Rialtais ann, ní chuireann siad riamh in aghaidh na tuarascálacha seo agus bíonn a n-ainmneacha leo –Bingo.
An dara rud a cheapaim go mba cheart don choiste seo a dhéanamh – níl mé ar an gcoiste faraor – ach bhí cinneadh déanta iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Níl a fhios agam cé mhéid den obair sin atá déanta, cé go gcoinním súil ar na cruinnuithe coiste chuile sheachtain. Ba cheart dúinn cur chun oibre muna bhfuil an obair seo déanta - mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh - le hiniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Ach is ceart an obair seo a dhéanamh ar an gcaoi a dhéanann an PAC a chuid oibre faoi chúrsaí airgid, díreach ar an mbealach fuarchúiseach céanna agus a dhéanann an coiste sin a chuid oibre.
Tá acmhainní le fáil ón Leabharlann ag coistí le cúnamh a thabhairt ó thaobh tuarascálacha a réiteach agus taighde a dhéanamh. Mar sin, d’fhéadfadh an coiste, sa ngearrthéarma, go dtí go leagfar an dualgas go foirmeálta sa dlí ar an gcoimisinéir nua, an obair seo a dhéanamh. Sin mar a dhéanfadh an dream a dhéanann an iniúchadh ar na cuntais, i gcás airgid, é. Déantar an iniúchadh agus leagtar an tuarascáil os comhair an choiste agus ansin go mbeadh na héisteachtaí ann.
Ba cheart an rud céanna a dhéanamh maidir le tuarascáil an choimisinéara. Ba cheart go dtógfadh an coiste seo ar féin, díreach mar a dhéanann an PAC, chuile duine atá luaite sna tuarascálacha seo atá faillíoch ina gcuid dualgaisí a ghlaoch isteach anseo agus ansin éisteachtaí poiblí a bheith ann.
Tuigeann gach duine atá i láthair cad a tharlaíonn sa chomhthéacs sin. Tá a mhacasamhail ann ó thaobh an airgid de.
Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an tríú rud go mbeidh orainn a dhéanamh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach sa Dáil, mar fhreagra ar cheist a chuir mé, go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas cinn an Bhille a fhoilsiú sula bhfoilseofar an reachtaíocht féin. Ar an bpointe nuair a fhoilseofar na cinn, ba cheart don choiste seo ar bhonn traspháirtí na cinn a iniúchadh, finnéithe a lorg, tuarascáil a chur ar ais chuig an Taoiseach agus iarracht a dhéanamh tacaíocht traspháirtí a fháil le moltaí ón Oireachtas faoi céard ba cheart a bheith sa Bhille sin. Dá ndéanfadh an tOireachtas na trí rud seo go cuimsitheach agus go hiomlán as seo go deireadh na bliana, is mó a bheadh déanta againn don Ghaeilge ná mar a dhéanfadh céad míle óráid. Má tá sé seo le cur i bhfeidhm, beidh ar dhaoine am a chur ar leataobh, seachtain i ndiaidh seachtaine, chun teacht isteach anseo agus éisteacht, plé agus iniúchadh fuarchúiseach agus staidéar a dhéanamh agus ansin tuarascáil a réiteach. Beidh cúnamh le fáil leis an tuarascáil - mar a deirim, tá airgead ag an Leabharlann obair mar sin a dhéanamh.
Caithfidh mé a rá ag deireadh an lae go bhfuil sé tugtha le fios ag Seán Ó Cuirreáin go bhfuil rudaí i dtaobh na Gaeilge i bhfíor-dhrochstaid. Tá mé buíoch de as ucht é sin a dhéanamh. Tá sé in am gníomh ceart a dhéanamh, seachas bheith ag óráidíocht faoi. Mar a deirtear, is fearr coinneal a lasadh ná bheith ag mallachtú an dorchadas. Sílim gur cheart dúinn bheith ar an gcéad dream le coinneal a lasadh anseo agus gníomh praiticiúil a dhéanamh chun tabhairt faoin bhfadhb. Tá mé ag moladh go ndéanfar na trí ghníomh atá luaite agam idir seo agus deireadh na bliana.
No comments