Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

12:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gcoimisinéir agus a rá go bhfuil an-aiféal orm gur bhraith sé go raibh air an cinneadh a ghlac sé a ghlacadh. Tháinig sé aniar aduaidh orainn ag an comhchoishte an lá eile nuair a d'inis an coimisinéir dúinn go raibh sé chun éirí as a phost, ach tuigim go rí-mhaith cén fáth go bhfuil.

Bhí sé spéisiúil aréir sa Seanad go raibh díospóireacht againn faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, Irish Sign Language, agus an dream atá bodhar ag lorg aitheantais dlíthiúil i mBille dá chuid riachtanas ó thaobh na teanga sin. B'é an freagra a fuair muid ón Aire Stáit sa Teach ná go mbeadh an Rialtas sásta sin a dhéanamh nuair a bheadh na hacmhainní cuí curtha ar fáil do daoine bodhar. Nuair a thógann muid an freagra sin i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, áit a bhfuil an reachtaíocht againn agus fós féin nach bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil, tá sé thar a bheith iorónta.

Mar a dúradh roimhe seo, tá daoine sna páirtithe ar fad báúil don Ghaeilge. Tá daoine sna Tithe seo atá an-dáiríre faoin Ghaeilge agus tugann siad lacaíocht di. Labhraíonn siad ag díospóireachtaí agus bíonn siad ag na coisti seo, ach ní leor a bheith báúil don Ghaeilge le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Níl aon mhaith sa gcaint muna bhfuil gníomh taobh thiar di, ach sin atá ann. Is é an trua nach bhfuil duine éigin anseo ó pháirtí an Rialtais, ach sin mar atá sé. Déarfaidh siad uilig go bhfuil siad báúil don Ghaeilge ach cén mhaith é sin nuair nach bhfuil na hacmhainní á chur ar fáil.

Rinne muid iarratas go dtiocfadh an coimisinéir os comhair an tSeanaid le labhairt leis an tSeanad agus tá a fhios sin ag an gcoimisinéir. Síim nach bhfuiltear ag cur an éirí as seo i gcomhthéacs níos leithne. Mar a dúradh níos luaithe, seo an chéad uair i stair an Stáit gur éirigh ombudsman de chineál ar bith as a phost ar na cúinsí nach raibh an tacaíocht á fháil aige nó aici ón Rialtas. Tá sin náireach agus is ábhar i bhfad níos tromchúisí é ná díreach ceist teanga. Táthar, sa Rialtas, dar liom, ag iarraidh a rá go mbaineann an éirí as le ceist na Gaeilge - go bhfuil Seán Ó Cuirreáin ag éirí as, ach go bhfuil siad chun duine eile a cheapadh. Ní dóigh liom go dtuigeann siad chomh dáiríre agus atá an éirí as seo. Níor mhiste liom tuairimí an choimisinéara a fháil faoi sin. Ó bheith ag labhairt leis na hOmbudsmen eile a bhaineann le coistí eile, ceapaim go dtuigeann siadsan chomh maith cé chomh dáiríre agus atá an rud seo. Go hidirnáisiúnta fiú, níl a fhios agam cé mhéid ombudsmen go m'béigean dóibh éirí as de bharr easpa tacaíochta. An bhfuil aon eolas ag an gcoimisinéir faoi sin?

Tá an-bhrón orm nár ghlac an Seanad le go dtiocfadh an coimisinéir os comhair an tSeanaid le cineál state of the nation teachtaireacht a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Bheadh sin úsáideach agus chuirfeadh sé an díospóireacht seo ar an leibhéal gur cóir dó a bheith. Is maith an rud go bhfuil an coimisinéir istigh inniu, ó thaobh na straitéise de. Tá mise ag rá le fada an lá nach bhfuil sa straitéis ach cur i gcéill. An t-impire gan aon éadach atá, dar liomsa, san Aire stáit ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise. Tá sé thar am go ndéarfadh muid nach bhfuil cur i bhfeidhm na straitéise ag feidhmiú mar is ceart agus go gcaithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh faoi sin.

Dála an scéil, is é an fógra a rinne mé nuair a chuala go raibh an coimisinéir ag éirí as oifig ná nach eisean ba chóir a bheith ag éirí as beag ná mór, ach an tAire Stáit. Tá an fhianaise againn gur eisean atá faillíoch ina chuid oibre - nuair a bhreathnaíonn muid ar laghad na scéimeanna atá daingnithe. Nuair a bhreathnaíonn muid ar an easpa tacaíochta atá á fháil ó na Ranna Stáit éagsúla, is léir go raibh an coimisinéir ag déanamh a chuid oibre. Nuair a léann muid na tuarascálacha, feiceann muid an oiread díograise atá aige. Bhí an coimisinéir agus a oifigigh ag déanamh a gcuid oibre agus ag feidhmiú de réir an Achta. Bhí siad ag déanamh gach a ndúradh leo a dhéanamh. Bhí siad ag comhoibriú leis na Ranna chomh fada agus ab fhéidir. Bhí siad réasúnach sa mhéid a bhí siad ag iarraidh orthu agus cé nach raibh siad ag fáil comhoibrithe i go leor cásanna, bhí siad ag fáil comhoibrithe i cásanna eile. San áit a raibh sin ag tarlú, bhí rudaí socraithe go deas ciúin.

Leag Oifig an Choimisinéara tuairiscí os comhair Thithe an Oireachtais agus ba faoi an tOireachtas ansin feidhmiú ar na tuairiscí sin, ach le bheith fírinneach, níor fheidhmigh muid. Tugadh roinnt dreamanna, mar shampla, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus mar sin de os comhair an choiste faoinar thagair muid níos luaithe, ach níor tháinig an Rialtas taobh thiar de na hiarrachtaí sin. Aontaím le Seán Mag Leannáin sa mhéid a bhí á rá aige. Más tada an fhianaise a tugadh ag an Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, d'airigh mise an doicheall agus an ghráin a bhí acu maidir le cur i bhfeidhm an méid a bhí molta ag an gcoimisinéir. Bhí freastal láidir ann agus ba léir uathu gur bhraith siad nach raibh sa rud seo, ó thaobh na Gaeilge, ach rud beag fánach a bhí ag cur as dóibh agus go raibh fadhbanna i bhfad níos mó acu ná sin le réiteach. Léirigh sin domsa an méid a dúirt Seán Mag Leannáin go poiblí agus ceapaim go bhfuil an ceart ar fad aige.

Tá an rud adúirt an coimisinéir faoi léirmheastóireacht neamhspleách iontach tábhachtach, bunaithe ar thaighde an tagartha a d'úsáid sé. An bhféadfadh sé beagán leathnaithe a dhéanamh ar an smaoineamh sin? Cén taighde atá i gceist aige go díreach? Céard iad na fíricí ba chóir dúinne a bheith ag breathnú orthu? Sílim, gurb é atá á rá ag an gcoimisinéir, agus bhí sé ag labhairt go han-láidir anseo, go bhfuil sé ag cur dúshláin mór os comhair an choiste seo. Tá muid anseo le hathbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis 20 bliain. Caithfimid tabhairt faoi sin agus tabhairt faoi i bhfad níos dáiríre ná mar atá déanta againn go dtí seo. Ba chóir dúinn an straitéis - táim ag déanamh an mholta seo don fhochoiste - a thógáil líne ar líne, moladh ar mholadh agus dul tríd gach cheann de na moltaí airithe. Le gach moladh, ba chóir dúinn féachaint céard é an moladh atá déanta, cén dul chun cinn atá déanta ar an moladh sin, agus céard eile is cóir a dhéanamh amach anseo. Sílim, go gheobhaimid amach i bhformhór na gcásannna gur beag atá déanta, ach coistí a bheith bunaithe. Deirtear go bhfuil neart cainte déanta ag leibhéal ard, ach ní fheiceann muid tada ag tarlú ar an dtalamh.

Déanaim an moladh sin don choiste seo, go ndéanfadh muid an straitéis a thógáil moladh ar mholadh, cáipéis a dhéanamh amach agus an dul chun cinn ar ghach moladh acu sin a theist. Mar adeir an coimisinéir, ba chóir an teist sin a bheigh bunaithe ar thaighde. Ní hionann cáipéis agus straitéis. Deireann an coimisinéir go bhfuil an cúram pleanáil teanga curtha anuas ar ghuaillí an phobail. Ó a bheith ag caint leis na comharchumainn agus na daoine atá iontu, tá cineál gunna lena gcloigeann. Tá sé ráite leo go príobháideach go gcaithfidh siad an jab seo a dhéanamh nó nach bhfaighfidh siad tacaíocht. Sin an meon atá ar an dtalamh, gur cineál cailís mhailíseach atá tugtha dóibh. Tá an cúram tugtha dóibh, ach níl na hacmhainní tugtha dóibh leis an pleanáil teanga a chur i bhfeidhm. Mar a deireann an coimisinéir, tá an-chuid scileanna ag an dream atá ann agus tá jabanna eile le déanamh acu, ó thaobh scéimeanna agus an obair eile atá ar bun acu mar chomharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe, seachas an cúram pleanála teanga. Cá bhfeicfeadh an coimisinéir gur chóir an cúram sin a bheith leagtha, seachas anuas ar na pobail agus na húdaráis deonacha?

Maidir leis na scéimeanna teanga, luaigh muid cheana cé chomh dona agus atá cúrsaí faoi láthair maidir le cur i bhfeidhm agus daingniú na scéimeanna. Níl a fhios agam an bhfuil aon bealach chun cinn. Ar chóir dúinn dearmad glan a dhéanamh ar sin ag an bpointe seo nó an bhfuil muid díreach ag cur i gcéill? Aontaím leis an gcoimisinéir maidir leis an gcóras earcaíochta, ó thaobh nach bhfuil an polasaí nua ag dul i bhfeidhm. Le é a chur ar an taifead, cén moladh a bhí ag an gcoimisinéir maidir leis an bpolasaí earcaíochta? Luaigh sé córas cosúil leis an gceann atá sa PSNI, de réir mo chuimhne. B'fhéidir go m'bhfiú é sin a chur ar an dtaifead arís dúinn.

Tá sé scannalach nach bhfuil Gaeilge ag deichniúr as an seisear déag sna hoifigí teagmhála atá ainmnithe le comhcheangail a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga. Nuair a labhraím le daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu, deireann siad liom gur bhreá leo ról den chineál sin. Tá siad coinnithe in áiteanna eile, áfach, agus níl feidhm Ghaeilge ar bith ag baint leis an obair a dhéanann siad ó lá go lá. Cén chaoi a dtiocfaimid thairis sin? An féidir atheagrú a dhéanamh nuair atá bac ar earcaíocht sa Státseirbhís?

Tuigim chomh maith an frustrachas a bhaineann leis an ngéarchéim mhillteanach i dtaobh an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an dá shampla a thug an coimisinéir náireach agus scannalach. Sílim gur chóir dúinn mar choiste iarradh ar ionadaithe ón Roinn teacht os ár gcomhair ag am tráth ann, agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh againn, chun iad a cheistiú go mion ar an méid atá luaite ag an gcoimisinéir.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag dul ar aghaidh píosa fada, ach ní gheobhaidh mé deis é seo a dhéanamh le Seán Ó Cuirreáin arís. Cuireann an méid a bhí le rá aige faoin na preasráitis - an cur i gcéill a bhaineann le ticeáil boscaí, agus an fhéinmheastóireacht vis-à-visan mheastóireacht neamhspleách atá ag teastáil ó Oifig an Choimisinéara Teanga - an-imní orm. B'fhéidir go bhfuil an ticeáil boscaí seo ar siúl in áiteanna i bhfad níos leithne chomh maith céanna.

Tá tuairisc ag teastáil ón gcoiste seo. Caithfimid an dúshlán seo a ghlacadh. Ba cheart do bhaill an choiste gníomhú i bhfad níos láidre ar an méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga. Sílim nach leor dúinn a rá go bhfuilimid báúil - caithfimid gníomhú. Molaim ní hamháin go mbeidh éisteachtaí ag an gcoiste seo, ach freisin go gcuirfimid tuairisc chuimsitheach le chéile maidir leis an straitéis 20 bliain don teanga. Chomh maith leis sin, is dócha go mbeidh orainn breathnú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Acht Oideachais de réir mar a bheidh cúrsaí ag dul ar aghaidh. Caithfimid bheith níos sainiúla maidir leis na mioncheisteanna a bhaineann leis an straitéis. Má fhanann an díospóireacht seo ginearálta, agus muna rachaimid go sainiúil tríd an straitéis féin pointe ar phointe, ní dóigh liom go mbeidh aon dul chun cinn déanta.

Ba mhaith liom mar rud pearsanta buíochas a ghlacadh le Seán Ó Cuirreáin as ucht an obair éachtach atá déanta aige. Tá mé cinnte, ón méid atá cloiste agam ón lá gur fhógair sé go raibh sé i gceist aige éirí as a phost, go bhfuil mé ag labhairt ar son pobal na Gaeilge nuair a deirim é sin. Is fiú a rá freisin go bhfuil an fhoireann bheag in Oifig an Choimisinéara Teanga iontach díograiseach, an-chúirtéiseach agus an-oibleagáideach go deo.

Rinne lucht Conradh na Gaeilge trí phointe, i dtaobh na gníomhartha gur gá a thógáil sa chomhthéacs seo, ag an gcruinniú poiblí a d'eagraigh siad i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ar an gcéad dul síos, dúirt siad gur gá Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Oifig an Choimisinéara Teanga a láidriú. Tá a fhios agam go bhfuil na pointí seo luaite ag an gcoimisinéir ina dtuarascálacha bliantúla agus in áiteanna eile, ach b'fhéidir gur cheart dó iad a mheabhrú dúinn arís. Cén chaoi a bhfeicfeadh sé gur chóir é seo a dhéanamh? Ar an dara dul síos, mhol Conradh na Gaeilge gur cheart a chinntiú go bhfuil dóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit. Tá sé luaite agam gur cheart go mbeadh na fostaithe in ann seirbhís a chur ar fáil gan cheist gan choinneáil faoi dheireadh 2016. Ar an tríú dul síos, dúirt Conradh na Gaeilge gur cheart seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge. Ba mhaith liom dá gcuireadh an coimisinéir a smaointí sa chomhthéacs seo ar an taifead - nó, b'fhéidir, iad a sheoladh ar aghaidh chugainn - ionas go mbeimid in ann iad a thógáil san áireamh in aon tuarascáil a dhéanfaimid bunaithe ar na díospóireachtaí maidir leis an straitéis 20 bliain.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le seirbhísí na dTithe seo. An t-am deireanach a labhair an coimisinéir ag coiste Oireachtais, bhí fadhb theanga againn mar go raibh an córas aistriúcháin briste. Is maith an rud a thabhairt faoi deara go bhfuil cuí curtha ar sin. Tuigim gur fadhb theicniúil, seachas fadhb ateangaireachta, a bhí i gceist an lá sin. Ba cheart dúinn ár mbuíochas a ghlacadh leo siúd a sholáthraíonn seirbhísí na Tithe seo - an cléireach agus an fhoireann a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge - as ucht an obair éachtach a dhéanann siad sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.