Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 January 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga
12:40 pm
Seán Ó Cuirreáin:
Luaigh an Teachta Tóibín an easpa Gaeilge in eagraíochtaí Stáit áirithe nuair a ghlaonn sé orthu ar an teileafón. Deirtear leis go nglaofaidh duine éigin le Gaeilge ar ais air. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní bhíonn aon saineolas ag an duine sin. Is í sin an fhadhb, i ndáiríre. Is í sin bun agus barr na faidhbe. Muna bhfuil daoine le Gaeilge fostaithe sa Státseirbhís, sna rannóga difriúla agus na Ranna difriúla, ní oibreofar an straitéis. Táimid ag cur dualgas ar dhaoine an teanga a fhoghlaim, ach gan deis a thabhairt dóibh an teanga a úsáid ina dhiaidh sin. Má ghlaonn duine ar Roinn Rialtais, agus má deirtear leis "glaofar ar ais ort", glaonn duine ar ais le Gaeilge ach gan aon eolas faoi ábhar na ceiste. Níl aon tairbhe ansin, i ndáiríre. Is cineál cur i gcéill é. Tuigim an deacracht sin.
Luaigh an Teachta Tóibín an easpa iniúchadh ar an straitéis 20 bliain. Sílim go bhfuil sé sin i gcroílár na fadhbanna atá againn i láthair na huaire. Tá difríocht ollmhór idir féinmheasúnú agus measúnú neamhspleách. Tabharfaidh mé sampla amháin simplí chun é sin a léiriú. Bíonn dualgas ar Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna teanga.
Roinnt blianta ó shin - 2009 - bhí sé geallta i scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncam go mbeadh 20% dá gcuid preasráitis dá gcuir amach i nGaeilge agus i mBéarla, go dhátheangach. Cuireadh foirm chucu le líonadh i dtús aimsire mar chuid den iniúchadh agus cuireadh ceist orthu an raibh sé seo á dhéanamh agus cuireadh tic sa ticbhosca ag rá go raibh sin ag tarlú. Nuair a d'amharc ball foirne na hoifige s'againne, Colm Ó Coisdealbha, ar an suíomh gréasáin, chonaic sé go raibh na preasráitis ar fad, ón chéad trí mhí den bhliain curtha ar an suíomh, ach gur cuireadh ar an suíomh iad ag an am céanna.
Nuair a dhein sé iniúchadh ar seo, mar is ceart, leo, fuair sé amach gurbh é an plean a bhí acu, agus mhínigh siad go soiléir é, go gcuirfeadh siad amach na preasráitis ar fad i mBéarla chuig chuile duine, Raidió na Gaeltachta, TG4, RTE agus ansin, nuair a bheadh bailiúchán mór preasráiteas acu, chuirfeadh siad chuig aistritheoir é mar go raibh sé níos saoire é a dhéanamh "in bulk". Ansin, cuireann siad é sin ar an suíomh ghréasáin. Stop muid an nós sin agus ghlac siad leis go raibh an nós sin mícheart. Sin an difríocht idir féin mheasúnú agus measúnú neamhspleách. Ní bhfaigheadh duine away le measúnú neamhspleách mar sin má tá duine ag déanamh iniúchta. Muna bhfuiltear in ann seiceáil, ní féidir glacadh leis na ticeanna sna boscaí.
Chuir an Teachta Kitt ceist faoin mhéid airgid atá ar fáil don oifig. Tá buiséad de thart ar €500,000 ag an oifig. Tá coimisinéir úr le ceapadh. Creidim nár tugadh an acmhainn airgid nó an acmhainn foirne a theastódh ón oifig dáiríre lena cuid oibre a dhéanamh ariamh agus go dteastódh i bhfad níos mó ná sin. Tá, ar a laghad, dhá fholúntas sinsearach san oifig i láthair na huaire, agus seans nach fada go mbeidh tuilleadh folúntas ann freisin. An baol atá ann ná go bhfuil gearradh siar agus gearradh siar ag leanacht a chéile go leanúnach. Dáiríre, is féidir caint faoi neamhspleáchas a bheith ag duine, ach tá neamhspleáchas teoranta ag easpa acmhainní. Muna bhfuil na hacmhainní ag an oifig le dul i ndiaid rudaí le iad a fhiosrú, tá a chuid neamhspleáchas dhá ghearradh.
Chuir an Teachta Kitt ceist freisin faoin cónascadh le Oifig an Ombudsman. Dúirt mé nach raibh fhios agam aon rud faoi. Nuair a fógraíodh é, ní raibh a fhios ag an Ombudsman deireannach a bhí ann, Emily O'Reilly, faoi ach an oiread. Ó shin i leith, tá méid áirithe cloiste, ach d'iarr mise go sonrach go bhfeicfinn na mion sionraí i scríbhinn, na leasuithe reachtúla a bhí beartaithe. Táthar ag geallúint go mbeidh an duine neamhspleách agus lonnaithe sa Ghaeltacht, na rudaí seo ar fad, ach go dtí go bhfeiceann muid an "small print", is deacair aon tuiscint a bheith againn céard é go díreach a tharlós. Ag an bpointe seo, níl a fhios agam, agus is dóigh nach mbeidh a fhios ag pé coimisinéir a thiocfaidh i m'áit ach an oiread, cén toradh a bheidh ar nó cén éifeacht a bheidh ag an cónascadh sin. Ach is léir ó cháipéisí na seachtaine seo caite, go bhfuil sé i gceist dul chun cinn leis an gcónascadh sin roimh Mhí Mheán Fómhair.
No comments