Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:30 am

Cormac Ó Feinneadha:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht deis cainte a thabhairt dom inniu. Mar bhainisteoir imeachta ar Rith 2014, creidim go bhfuil an t-ábhar atá á mheas ag an gcoiste inniu - conas an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre - lárnach i gcur chuige Rith 2014. Ba mhaith liom beagáinín a rá faoin imeacht náisiúnta seo. Sa bhliain 2012, rith beagnach 30,000 duine 700 km ó Gaoth Dobhair go hInis Mór. Tiomsaíodh na mílte euro ón urraíocht a rinneadh ar gach ciliméadar den ollrith sealaíochta. Mar thoradh air seo, roinneadh 15,000 euro ar breis is 30 grúpa éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Is féile náisiúnta é Rith chun labhairt agus úsáid ghinearálta na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Ceiliúradh cultúrtha i bhfoirm rás sealaíochta atá i gceist. Le linn Rith 2014, tósóidh reathaithe éagsúla i mBaile Bhúirne, Contae Chorcaí, agus rithfear beagnach 1,000 km chomh fada le Béal Feirste. Beidh urraíocht déanta ar gach ciliméadar, le cúnamh Dé. Mairfidh an rith naoi lá, ó 7 go 15 Márta 2014, ag taisteal trí chuid de na bailte agus na cathracha is mó in Éirinn. Beidh fáilte roimh scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail agus clubanna spóirt páirt a ghlacadh san fhéile, mar aon le daoine aonair agus dream ar bith eile ar spéis leo an teanga.

Le linn Rith 2014, iompófar bata sealaíochta faoi leith. Dearadh an bata sealaíochta chun teachtaireacht folaithe a iompar laistigh de. Cuirtear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús Rith agus iompraítear í go dtí an ciliméadar deireanach, áit a léitear amach í ag an gclabhsúr. Scríobh Máire Mhic Ghiolla Íosa, iar-Uachtarán na hÉireann, an teachtaireacht don chéad Rith sa bhliain 2010 agus scríobh an t-Uachtarán reatha, Mícheál D. Ó hUigín, í sa bhliain 2012. Tógadh coincheap na féile seo ó Thír na mBascach, mar a gceiliúrtar Korrika - imeacht teanga comhchosúil atá á réachtáil ann go rathúil ó bhí 1983 ann. Thosaigh Rith in Éirinn sa bhliain 2010. Tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Cé gur féile náisiúnta í Rith, tá an ghné áitiúil mar chuid lárnach di, mar is iad na pobail áitiúla a chuireann le luas agus le móiminteam Rith. Samplaí de na grúpaí áitiúla atá ag tabhairt fuinnimh agus beochta do Rith 2014 ná Gael-Taca i gContae Chorcaí, Comhlacht Forbartha na Déise i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus Coiste Forbartha Carn Tóchair i gContae Dhoire. Dar ndóigh, is chuig grúpaí mar seo a théann an t-airgead ar fad a bhailítear ó urraíocht na gciliméadar de chuid Rith. Tá ciste speisialta curtha ar bun ag Rith chun an t-airgead seo a dháileadh. Úsáidfear an ciste seo le tacaíocht a thabhairt do thionscadail in Éirinn a chothaíonn agus a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail.

Tá lucht eagraithe Rith ag súil go ndúiseoidh, go dtaispeánfaidh agus go láidreoidh Rith bród na ndaoine sa Ghaeilge, trí rannpháirtíocht an phobail. Tugann Rith deis d’eagraíochtaí, do chainteoirí agus do dhíograiseoirí teanga teacht chun tosaigh agus an teanga a úsáid go feiceálach sa phobal. Mar thoradh air sin, tá muid ag súil go spreagfar foghlaimeoirí Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa Rith freisin, agus nasc a chruthú leis an teanga. Tá súil againn go spreagfaidh Rith 2014 daoine chun Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú i ndiaidh an imeachta. Tá muinín againn go nglacfaidh eagraíochtaí, cainteoirí agus díograiseoirí teanga páirt san fhéile agus go dtabharfaidh siad spreagadh agus tacaíocht dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Imeacht tábhachtach, taitneamhach é Rith 2014. Tá sé i gceist airgead a bhailiú do ghrúpaí pobail Gaeilge chomh maith leis an teanga a cheiliúradh go feiceálach agus go spreagúil. Le tacaíocht a thabhairt do Rith, don teanga agus do ghrúpaí pobail, is féidir le daoine teacht ag rith linn nó ciliméadar a cheannach. Má tá ceisteanna ag éinne, beidh mé sásta iad a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.