Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:10 am

Siún Ní Dhuinn:

B'fhéidir go bhfreagróidh mé na ceisteanna a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh i dtosach báire. Tá 26 scoil faoi mo bhráid i mbliana. Tá siad tras-Teorainneach. Tá dhá scoil ó Thuaidh agam. Tá an chuid eile acu ó Dheas. Táimid ar fud na tíre ar fad - Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara, Ceatharlach, Loch Garman, Cill Chainnigh, Corcaigh, Ciarraí, An Clár, Luimneach, An Mhí, An Cabhán, Uíbh Fhailí, Gallimh, Ard Mhacha agus Aontroim.

D'iarr an Seanadóir freisin faoi na deacrachtaí agus na constaicí atá romhainn. Is dóigh liom nach bhfeiceann na daoine atá cláraithe na deacrachtaí sin. Níor chuireamar aon iachall orthu clárú - ba iad siúd a tháinig chugainn a chláraigh. Ní dhearnamar an oiread sin poiblíocht ar an bhfeachtas toisc gur rud nua a bhí ann. Tháinig siadsan chugainn. Ba iad na múinteoirí a chláraigh linn i dtosach báire. D'iarr siad orainn teacht chucu. Is léir go bhfuil spéis ag na múinteoirí sna scoileanna a tháinig chugainn sa scéim. Ní fheicim go bhfuil na deacrachtaí a luaigh an Seanadóir i gceist.

Is dóigh liom go raibh mé i 16 scoil go dtí seo, le coicís anuas. Chuir na mic léinn an-fháilte romham. Tá mé ag brath ar an gcoiste Gaeilge agus mé ag déileáil leis na meánscoileanna. Molaim do na scoileanna a leithéid de choiste a bhunú leis na daltaí den chuid is mó. Molaim dóibh múinteoir amháin, nó beirt mhúinteoirí b'fhéidir, a chur ar an gcoiste. Sa chuid is mó, is iad na daltaí atá freagrach as an rud.

Is dóigh liom go n-oibríonn sé sa bhealach sin, mar go bhfuil muide ag tabhairt cumhachta do na mic léinn agus ag rá nach iad na múinteoirí atá ag stiúradh an ruda seo ach gur iadsan atá ina mbun agus má éiríonn leo, go mbeidh siad bródúil as a gcuid oibre féin. An chéad rud a deirim nuair a théim isteach ná nach múinteoir mé. Ansin, bíonn siad an-sásta nach bhfuil mise ag iarraidh rud éigin a brú orthu nó ag rá go gcaithfidh siad é a dhéanamh. Má tá spéis acu sa scéim, molaim dóibh triail a bhaint as mar is píosa craic í agus mar go bhfuil féidireachtaí thairbheacha agus taitneamhacha le baint aisti, más maith leo. Deirim leo nach gá dóibh dul faoi mheasúnú ag deireadh na bliana ach oiread má cheapann siad nach bhfuil siad réidh. Is féidir leo a rá liom nach bhfuil siad réidh agus beidh sin go breá. Níl aon iachall orthu dul faoin mheasúnú ach deirim gur rud é go mb'fhéidir gur mhaith leo féin a bhaint amach dóibh féin.

Chomh maith le sin, deirim leo go bhféadfadh seo a bheith an-úsáideach ar an CV, mar foghlaimíonn siad scileanna bainistíochta, scileanna eagraíochta, scileanna scríobhneoireachta agus araile, na rudaí sin ar fad nach foghlaimíonn siad de ghnáth. Deirim leo freisin gur rud eile atá an-mhaith ná gur sprioc é ag deireadh na bliana. Deirim nach bhfuil siad ag obair ar mhaithe le rud thuas sa spéir, ach go bhfuil sprioc acu ag deireadh na bliana agus go mbeidh mise i dteagmháíl leo an t-am uilig agus go bhfuil mé ar fáil dóibh chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt agus chun ceisteanna a fhreagairt mar gheall ar rudaí den tsórt sin.

Maidir le cúrsaí cigireachta, ní thabharfainn cigire orm féin, ach táim ansin le tacaíocht a thabhairt dóibh. Nuair a théim isteach go dtí an scoil an chéad lá, tugaim fillteán liom agus caithfidh siadsan an fillteán sin a líonadh i rith na bliana. Sin an fhianaise atá agamsa ag deireadh na bliana go bhfuil rudaí bainte amach acu. Caithfidh siad pictiúrí a ghlacadh de na rudaí atá déanta acu, ar nós seomra Gaeilge, rud éigin do Sheachtain na Gaeilge, taifead de mhiontuairiscí na gcruinnithe. Caithfidh siad cruinnithe a reachtáil go rialta agus caithfidh siad an coiste ar fad a chur faoi mo bhráid, ach nílim ag iarraidh an lámh láidir a thógáil. Ba mhaith liom bheith ann mar thacaíocht dóibh, le taispeáint dóibh conas gur féidir leo rudaí a bhaint amach agus conas iarracht a dhéanamh an pobal ar fad a thabhairt isteach.

Is bailte an-bheaga iad cuid de na háiteanna atá i gceist anseo, ní sráidbhailte iad. Iarraim ar na daltaí dul isteach sna bailte agus na sráidbhailte agus labhairt le siopadóirí an bhaile agus fáil amach an bhfuil Gaeilge acu. Má tá, is féidir leo iarradh orthu clárú leis an scoil mar chuid den Ghaelbhratach agus cuireadh a thabhairt dóibh teacht go dtí an scoil le rud éigin a fheiceáil. Déanaim iarracht freisin caidreamh a chothú idir daltaí agus tuismitheoirí. Tá Gaelscoileanna san áireamh leis an scéim seo agus bhí an-chuid de na tuismitheoirí sin ag rá go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag na páistí ná mar atá acusan. Freisin, tá easpa muiníne ag tuismitheoirí labhairt i nGaeilge. Mar sin, molaim do na daltaí na tuismitheoirí a thabhairt isteach go dtí an scoil uaireanta. Mar shampla, is féidir leo maidin caifé a reachtáil agus fáilte a chur roimh tuismitheoirí go dtí an scoil, áit a bhfuil an Ghaeilge beo inti, agus ceachtanna Gaeilge a thabhairt do thuismitheoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.