Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 3 October 2013
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé
11:00 am
Siún Ní Dhuinn:
Táim anseo le caint ar an scéim nua atá bunaithe ag Conradh na Gaeilge agus Gael Linn - maoinithe ag Foras na Gaeilge - An Ghaelbhratach. Is scéim ghradaim nua í An Ghaelbhratach, a thugann aitheantas do scoileanna a gníomhaíonn le húsáid na Gaeilge le feasacht ar an teanga a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá an scéim beagáinín cosúil leis an scéim ar a dtugtar an brat glas agus an bunsmaoineamh go gcaithfidh na mic léinn gníomhú ar mhaithe le rud éigin a bhaint amach ag deireadh na bliana.
Tá Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Sheachtain na Gaeilge, freagrach as feidhmiú na scéime sna hiarbhunscoileanna, agus tá Gael Linn freagrach as feidhmiú na scéime sna bunscoileanna. Is í Síomha Ní Mhuirí atá ag obair le Gael Linn sna bunscoileanna agus tá mise ag plé leis na hiarbhunscoileanna. Labhróidh Síomha faoin scéim ar ball. Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis An Ghaelbhratach á chur chun cinn ag an dá leibhéal sna scoileanna.
Tá mise ag obair le Conradh na Gaeilge agus tá mé anseo le labhairt faoi An Ghaelbhratach san hiarbhunscoileanna. Ar dtús, má tá an scoil chun tabhairt faoin Ghaelbhratach a bhaint amach, ní mór do struchtúr na scoile ar fad bheith tiomanta don Ghaelbhratach a bhaint amach. Ní mór go mbeadh na mic léinn, an fhoireann ar fad, idir mhúinteoirí agus bhaill fóirne eile, an bord bainistíochta, gobharnóirí agus coiste na dtuismitheoirí ar fad san áireamh, tiomanta don aidhm sin. Go dtí seo, tá ag éirí go maith linn na rudaí sin a bhaint amach.
Is í an aidhm atá ag An Ghaelbhratach ná scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn "pleanáilte", "leanúnach" agus "taitneamhach", focail tábhachtacha sa rud ar fad.
Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don scoil ná go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil; go gcuirfear feasacht ar an nGaeilge chun cinn sa scoil; go spreagfar comhoibriú gníomhach idir mic léinn, múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile; agus go mbeadh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don mac léinn ná go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le bheith páirteach go gníomhach in úsáid na Gaeilge agus le feasacht ar an teanga a chur chun cinn sa scoil; go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin agus bainistíochta, srl., a fhoghlaim agus a chur chun cinn iontu féin; go mbeidh an mac léinn níos muiníne agus níos tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó mar theanga scoile amháin ach mar rogha teanga níos mó ina shaol pearsanta; agus go mbeidh feasacht níos fearr ag an mac léinn ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil. Is dóigh liom gurb é croílár an rud ar fad go mbíonn an fhreagracht ar na mic léinn a gcuid oibre féin a dhéanamh seachas bheith ag brath ar na múinteoirí agus ar an bhfoireann. Is orthu siúd atá an fhreagracht an rud a chur chun cinn. Taitníonn sé sin go mór le mic léinn na n-iarbhunscoileanna go dtí seo.
Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don mhúinteoir ná go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil don mhúinteoir ó na mic léinn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil; go mbeidh na mic léinn níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim mar thoradh ar an obair ar fad; go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo; agus go spreagfar múinteoirí na scoile le níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge agus go mbeidh níos mó feasachta acu ar an teanga chomh maith.
Baineann an scoil an Ghaelbhratach bhunúsach amach trí chúig ghníomh riachtanacha a déanamh. Tá cúpla leibhéal ann, ach is í an Ghaelbhratach bhunúsach an chéad leibhéal. Caithfidh an scoil coiste Gaeilge a bhunú taobh istigh den scoil; suirbhé a dhéanamh ar an nGaeilge sa scoil; plean gnímh a chur le chéile agus feidhmiú ar an bplean sin; monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an bplean; agus fís don Ghaeilge a aontú don scoil. Taobh amuigh den chúig ghníomh sin, caithfidh an scoil trí cinn a dhéanamh as liosta de rudaí eile roghnacha a leanas: seastán eolais ar an nGaeilge a bhunú sa scoil; club Gaeilge iarscoile nó "Is Leor Beirt" am lóin a bhunú; tionscadal ar chearta teanga agus stádas na Gaeilge a chur le chéile; Amhrán na bhFiann a mhúineadh i gceart; clár raidió a chur le chéile; imeachtaí le scoileanna eile a eagrú; imeachtaí do thuismitheoirí a eagrú; turas scoile chun na Gaeltachta nó chuig ionad oidhreachta le seirbhís as Gaeilge a eagrú; seomra Gaeilge nó balla na Gaeilge a chur ar bun; nó páirt a ghlacadh i scéim "Gaeilge 24" ar 15 Samhain 2013.
Mar achoimre ar Ghaelbhratach na n-iarbhunscoileanna, tá súil againn go spreagfaidh an Ghaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina iomlán; go gcuirfidh an Ghaelbhratach le híomhá dearfach don Ghaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh den scoil, rud atá an-tábhachtach; go dtabharfaidh an Ghaelbhratach feasacht do na mic léinn ar an saol Gaeilge lasmuigh den scoil; go mbeidh níos mó spéise ag mic léinn sa Ghaeilge; go spreagfaidh an Ghaelbhratach ceannaireacht i measc na mac léinn; go gcumasófar na mic léinn le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn; go gcruthóidh an Ghaelbhratach gréasán oibre idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile; go mbeidh a fhios ag mic léinn, ag foireann na scoile agus ag tuismitheoirí féideartha go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge; agus go mbeidh an scoil páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Nuair a chomhlíonfar na céimeanna thuas go sásúil, bronnfar an Ghaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ar fad déanta ag an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach. Tá an scéim phíolótach seo eagraithe mar dhlúthchuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2013. Sílim gur tugadh eolas faoin mbliain don choiste roimhe seo. Mar chuid den cheiliúradh ar athbheochan na Gaeilge i 2013, tá sé i gceist go gcuirfear tús le roinnt tionscadal i rith 2013 a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh na bliana. Beidh an Ghaelbhratach ar cheann de na tionscadail sin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom inniu. Tá Síomha Ní Mhuirí chun dul i mbun cainte anois mar gheall ar scéim na mbunscoileanna. Tá mé sásta aon cheist a fhreagairt ina dhiadh sin.
No comments