Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

4:45 pm

Ms Anna Ní Ghallchóir:

Mar a dúirt mé sa ráiteas a rinne me ar ball beag, tá dhá sprioc nó bunaidhm ag Údarás na Gaeltachta - forbairt pobail agus forbairt teanga. Téann an dá rud lámh ar láimh. Nuair a bhíonn muid ag caint ar chúrsaí sochtheangeolaíochta agus ar chúrsaí na Gaeilge, ní bhíonn móran rudaí ró-shimplí i gceist. Tá rud amháin atá iontach simplí maidir le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht - gan pobal sa Ghaeltacht, ní bheidh aon teanga ann; agus gan an teanga, ní bheidh an Ghaeltacht ann. Is í an bunaidhm nó raison d'être a bhí ag Údarás na Gaeltachta ariamh ná an pobal a choinneáil sa Ghaeltacht - iad a chur ag obair oiread agus is féidir agus an teanga a choinneáil beo ag an am céanna. Ní dóigh liom go mbeidh an lámh in uachtar ag ceachtar den dá rud, mar go dtéann siad lámh ar láimh lena chéile. Is é sin an chéad rud a déarfainn. Measaim go bhfuil na scileanna go léir againn ar an mbord le polasaithe agus straitéis ceart a chur le chéile agus díriú ar na haidhmeanna sin a bhaint amach.

Beidh cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012 mar ceann de phríomhaidhmeanna an bhoird nua. Beidh ról fíor-lárnach ag an údarás maidir leis na pleananna teanga san Acht sin. Déanann an Acht sin daingniú ar chuid de na príomhmholtaí a bhí sa straitéis 20 bliain. Iarradh orm freisin an bhfuil féidearthachtaí eile maoinithe atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. B'fhéidir gur ndearna muid dearmad beag ar cistí Eorpacha cosúil le Interreg - níor chuir muid an oiread sin suim iontu - in am an rachmais os rud é go mbíonn na hiarrataisí measartha fada agus measartha casta. Bíonn féidearthachtaí eile ann le hairgead a thabhairt isteach do chúrsaí taighde agus fiú do rudaí praiticiúla ar leibhéal na Gaeltachta. Is féidir iad a chruthú.

Luaigh an Teachta Kitt The Gathering. Sa phost atá agam faoi láthair - tá mé mar stiúrthóir ar ionad na dteangacha i Maigh Nuad - tá scrúdaithe curtha le chéile againn don Ghaeilge. Tá ocht n-ionad againn ar fud na hÉireann. Tá ionad againn in ollscoil i bPrág na Seice. Tá ionad againn i Nua Eabhrac. Tá ionad in Ottawa. Tá ionad againn i dToronto. Bíonn muid ag plé le diaspóra na hÉireann ar bhonn rialta. Sílim gur féidir cuid mhór a dhéanamh leis an gcaidreamh sin a chothú. B'fhéidir go gcuirfidh The Gathering tús le sin. B'fhéidir nach bhfuilimid ag déanamh go leor sa Ghaeltacht ar bhonn foirmiúil leis an gcaidreamh sin a chothú.

Mar shampla, tharla sé go raibh mé i bPáras Dé hAoine seo caite ag bronnadh teastais ar 45 duine atá ag foghlaim na Gaeilge san ionad atá againn ansin. Is Francaigh thart ar 70% dóibh siúd atá ag tabhairt faoi na cúrsaí sin. Is Éireannaigh atá pósta sa Fhrainc, srl., an chuid eile acu. Síleann daoine i gcónaí nach bhfuil suim ach amháin sa Bhéarla ag na heachtrannaigh atá ag iarraidh teanga a fhoghlaim anseo, ach níl sé sin fíor. Tá suim ag daoine sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge. Teastaíonn uathu teacht go dtí áit ina bhfuil cultúr difriúil i gceist. Tá tíortha an domhain ag éirí níos cosúil lena chéile; dá bhrí sin, tá daoine ag iarraidh rudaí atá difriúil. Sílim gur féidir le Fáilte Éireann agus grúpaí mar sin obair ar an ngné sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.