Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

4:35 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Anna Ní Ghallchóir don chruinniú. Is pribhléid dom agus don choiste plé a dhéanamh leis an duine atá molta mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil post tábhachtach aici in Ollscoil Mhaigh Nuad agus anois post tábhachtach eile mar chathaoirleach ar an údarás.

Bord nua atá ann agus ní thoghfar na baill. Conas a oibreoidh an bord nua seo? Chuir mé féin ceisteanna ar an Aire Stáit maidir le dífhostaíocht sa Ghaeltacht agus ceisteanna faoi The Gathering an bhliain seo chugainn, le fáil amach an mbeidh ról ag an údarás sa rud sin. Níor mhaith liom go mbeadh ísliú céime don údarás, go háirithe ar a chuid cúraimí fiontraíochta. Tá neart obair mhaith déanta ag an údarás go dtí seo agus a lán post ar fáil sa Ghaeltacht agus ba mhaith liom go leanfadh sin ar aghaidh.

Luadh bealaí nua le bheith éifeachtach os rud é go bhfuil gearradh siar €6 mhilliún sa bhuiséad chaipitil. An féidir níos mó a rá faoi sin, go speisialta faoi na hearnálacha éagsúla? Cén chaoi is féidir sin a dhéanamh. Luadh cistí an Aontas Eorpaigh. Bheadh sé suimiúil dá mbeimis in ann níos mó a fháil ansin.

Tá rudaí maithe anseo don údarás, ar nós TG4. Tá plé sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge maidir leis an gcaoi is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú.

Tá a fhios agam ón méid atá ráite aici go bhfuil an-suim aici sa scéal sin. Is iad sin na ceisteanna atá agam. Is maith an rud é go bhfuil an-bhród ag Anna Ní Ghallchóir sa phost nua atá aici agus go n-éirí léi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.