Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

5:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá ceisteanna go leor tógtha ag an Seanadóir ansin.

Maidir le buiséad Roinn na Gaeltachta, cuireadh €60 milliún ar fad ar fáil sa bhliain reatha le tacaíocht a thabhairt don teanga, d'Údarás na Gaeltachta, d'Fhoras na Gaeilge agus mar sin de. Ní beag an tsuim í sin.

Tá seirbhís aeir ann go dtí na hOileáin Arann. Is páirt í sin den tseirbhís a cuirtear ar fáil dos na hoileáin go léir. Tá seirbhís á chur ar fáil do 20 oileán ar fad ar chósta na tíre. Tá seirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir go dtí na hOileáin Arann - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr - agus tá seirbhísí bus a thugann daoine go dtí an áit a bhfuil na heitleáin nó na báid ag teacht i dtír. Cosnaíonn sé sin go léir €5.94 milliún sa bhliain. Téann €2 mhilliún de sin fá choinne an tseirbhís aeir go dtí na hOileáin Árann. Tiocfaidh deireadh leis an gconradh reatha don seirbhís aeir chuig na hoileáin ar 31 Lúnasa na bliana seo chugainn. I láthair na huaire, is féidir liom a rá nach bhfuil aon chinneadh déanta ag mo Roinn maidir le haon seirbhís, le deireadh a chur leis nó le haon rud eile. Is é an cuspóir atá againn ná gach seirbhís gur féidir linn a choinneáil. É sin ráite, caithfimid gníomhú taobh istigh des na hacmhainní a bhéas ar fáil againn. I láthair na huaire táimid ag plé agus ag cúiteamh cad iad na hacmhainní a bhéas ar fáil don Roinn don bhliain seo chugainn. Go dtí go mbeidh a fhios againn cad iad na hacmhainní agus cad é an t-airgead a bhéas ar fáil dos na hoileáin agus don Ghaeltacht, ní féidir aon chinneadh a dhéanamh.

Tá an t-airgead dos na mná tí iontach tábhachtach. Seo ceann des na tionscail is tábhachtaí dá bhfuil againn maidir leis an nGaeilge a chur chun tosaigh agus a chothú. Chuir an Seanadóir ceist cé mhéad duine a d'fhreastail ar na coláistí Gaeilge sa bhliain reatha. D'fhreastail 24,000 scoláire ar chúrsaí Gaeilge. Tá sin thart faoin uimhir chéanna a bhí ann le blianta. An uair is airde, bhí sé cupla míle níos airde ná sin agus an uair is ísle bhí sé cupla míle níos ísle. Sin an meán rud - 24,000 - agus is mór an uimhir í sin.

Rinne an Seanadóir tagairt dos na mná tí féin chomh maith. Íocann an Roinn leis na mná tí €9.50 in aghaidh an lae leis na mná tí le haghaidh gach dalta a freastalaíonn ar na cúrsaí seo. Íslíodh é sin anuraidh agus an bhliain roimhe sin, euro gach bliain. Bhí áthas orm gur éirigh liom an t-airgead a choinneáil don bhliain reatha ag an ráta a raibh sé, sé sin, €9.50. Ba mhaith liom go mbeimid in ann é sin a dhéanamh arís mar go bhfuil na costaisí ag dul suas. Déanfaimid gach dícheall é a choinneáil mar sin. Ag an am seo, beimid arís ag brath ar cad iad na hacmhainní a bhéas ar fáil ag an Roinn agus cad é an áit is fearr leis na hacmhainní sin a chur.

An cheist eile a chuir an Seanadóir ná ar thuig sé i gceart an méid den airgead reatha a cuirtear ar fáil d'Údarás na Gaeltachta a íoctar ar phinsin. Is é an figiúr atá againn ná go n-íoctar €4.3 milliún ó bhuiséad an údaráis faoi choinne pinsin a chur ar fáil do 136 pinsinéir ar fád. Tá an figiúr a luaigh mé mar fhreagra ar na Teachtaí eile cruinn.

Maidir leis an méid fostaíochta atá ar fáil, deir an t-údarás go raibh €6 mhilliún de dhíth air faoi choinne an líon fostaithe atá aige sa Ghaeltacht a choinneáil. Cailltear postanna gach bliain ach cruthaítear postanna chomh maith. I láthair na huaire, tá 6,500 duine fostaithe i gcomhlachtaí a thug Údarás na Gaeltachta cuidiú dóibh. Chomh fada agus is eol dom, sa bhliain deireanach a bhfuil figiúirí agam di, sí sin 2011, cruthaíodh 734 post agus cailleadh 808 post. Mar sin, bhí cailliúint iomlán de 74 post. Nuair a chuimhnítear ar na deacrachtaí eacnamaíochta atá sa tír agus go bhfuil postanna á chailliúint gach áit ar fud na tíre agus i dtíortha eile, tá éacht déanta ag an údarás, leis na hacmhainní teoranta atá curtha ar fáil dó, an oiread sin postanna a chruthú. Níl a fhios agam cé mhéad postanna atá cruthaithe ag an údarás i mbliana go dtí an t-am seo, ach beidh na figiúirí sin curtha ar fáil nuair a fhoilsítear tuairisc bhliantúil an údaráis.

Maidir le chomhthathú Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman, cosnaíonn Oifig an Choimisinéara Teanga €635,000 in aghaidh na bliana. Ní shílimid go mbeidh mórán sábháilt ansin sa ghearrthéarma.

Beidh an fhoireann chéanna ann. Beidh oifig ag an gcoimisinéir. Beidh an coimisinéir lonnaithe sa Ghaeltacht. Mar sin féin, de réir mar a ritheann an t-am ar aghaidh, sílim gur maith an rud é go mbeidh dhá oifig ag cosaint cearta an tsaoránaigh. Beidh an Coimisinéir Teanga ag cosaint cearta teanga agus beidh an tOmbudsman ag cosaint cearta an phobail go ginearálta. Beidh siad ag obair as lámh a chéile. Is dóigh liom go mbeidh obair an choimisinéara teanga níos éifeachtaí dá bharr.

Luaigh an Seanadóir go bhfuil líomhaintí anaithnid, nó anonymous, curtha i leith duine de na daoine atá ainmnithe. Is léir dom go bhfuil líomhaintí curtha i leith beirt i láthair na huaire, duine acu a cheap an chomhairle contae agus ar moladh é. Ar ndóigh, tá na líomhaintí curtha in iúl d'Údarás na Gaeltachta agus do Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Ní bheadh sé cuí aon rud a rá sa chomhthéacs seo inniu. Níl sé de cheart agam aon rud a rá mar gheall ar na líomhaintí anaithnid seo ag an bpointe seo. Baineann an cheist seo leis an gcomhairle contae agus an údarás, mar gur acu sin a rinneadh na líomhaintí. Chuir na heagrais seo in iúl dúinn iad. Is dócha nach féidir liom níos mó a rá faoi sin ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.