Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

5:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sula dtosóidh mé, caithfidh mé a rá go mbeidh orm dul go dtí an tSeanad mar tá ábhar agam ar an Athló agus tá an Seanad tar éis críochnú go luath. Murar mhiste leis an gcoiste é, cuirfidh mé mo chuid ceisteanna le go mbeidh siad ar an dtaifead. Bhéinn thar a bheith buíoch dá mbeadh an tAire agus an tAire Stáit sásta na freagraí a thabhairt agus mé sa Seanad.

Feicim gur laghdú 64% a rinneadh ar bhuiséad na Gaeltachta. Nach n-aontaíonn an tAire agus an tAire Stáit gur éagóir mhór í seo agus go bhfuil muintir na Gaeltachta ag iompar ualach níos mó ná mar ba chóir dóibh ó thaobh na ciorraithe atá á dhéanamh?

An bhféadfadh an tAire Stáit deimhniú nach bhfuil sé i gceist aige deireadh a chur leis an tseirbhís aeir go hÁrainn? Bhí cruinniú mór i nGaillimh inné faoi seo agus tá an-imní ar an bpobal faoi. Tá siad breá sásta suí síos agus comhphlé a dhéanamh leis an Aire Stáit. An bhféadfadh sé deimhniú nach bhfuil sé chun deireadh a chur leis an tseirbhís?

Cén sábháiltí airgid atá le baint as cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman? Cén chaoi a thángthas ar na figiúirí sin?

Cad iad na hacmhainní breise airgid agus cén chiste bhreise a bhéas á chur ar fáil dos na comhlachtaí pobail le straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm? Maidir le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain seo chugainn, an bhfuil an tAire Stait in ann deimhniú nach mbeidh laghdú ar ráta na mná tí as scoláirí Gaeilge a choinneáil? Cén laghdú a tháinig ar líon na ndaltaí a d'fhreastail ar na coláistí samhraidh i 2012 agus cé mhéad dalta a bhfuiltear ag déanamh meastacháin dóibh do 2013?

Tá 400 post cruthaithe in Údarás na Gaeltachta le bliain ach cé mhéad post a cailleadh? Bhí an t-údarás ag rá go raibh gá le 1,000 post sa bhliain a chruthú le go gcoinneofaí an líon reatha post ansin. Cé mhéad post a cailleadh agus an bhfuilimid ag coinneáil suas nó ag titim de réir a chéile?

Céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh maidir le comhalta bhord Údarás na Gaeltachta as Tír Chonaill? Tá an cás sin le réiteach.

An stang is mó a baineadh asam, agus a bhfuil mé ag iarraidh soiléiriú air, go ndúirt an tAire Stáit go raibh €4.3 mhilliún ó bhuiseád reatha Údarás na Gaeltachta á chaitheamh ar phinsin do 136 iar-fhostaithe. An bhfuil sé sin cruinn? Shíl mé gurb shin a dúirt an tAire Stáit agus tá mé ag iarraidh soiléiriú air. Sin leath bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta, má tá an figiúir sin cruinn.

Cé mhéad scéim teanga atá fós le daingniú ag an Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla? Baineann sé sin leis an gceist a cuireadh níos túisce.

I would not like to leave the Minister out. Regarding the national plan for the 53 raised bogs, what negotiations are ongoing between the Minister and the Turf Cutters and Contractors Association, TCCA, and when did they take place?

Mo mhíle leithsceál go bhfuil orm imeacht ach chríochnaigh an Seanad go luath agus dá bhrí sin caithfidh mé a bheith suas le ceist a ardú ar an Athló. Beidh mé ag léamh na tuairisce go cúramach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.