Written answers
Tuesday, 12 July 2011
Department of Education and Skills
Foirne Scoile
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 163: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfágfar cúntóir riachtanas speisialta ag mac léinn bunscoile (sonraí tugtha) do na scoilbhlianta 2011/2012 agus 2012/2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19582/11]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (An Chomhairle)freagrach as múinteoirí acmhainne agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta a leithdháileadh ar scoileanna chun tacú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu trína gréasán d'Eagraitheoirí Riachtanas Speisialta Oideachais áitiúla. Feidhmíonn an Chomhairle laistigh de chritéir mo Roinne agus í ag leithdháileadh tacaíochta den saghas sin. Áiríonn siad sin anois riachtanas go dtabharfadh an Chomhairle aird ar theorainn fhoriomlán ar líon na bpost do Chúntóirí Riachtanas Speisialta.Tá ciorclán eisithe ag an gComhairle chuig na scoileanna go léir ag cur in iúl dóibh an próiseas leithdháilte don scoilbhliain 2011/2012. Gné lárnach den scéim leasaithe is ea soláthar a dhéanamh do leithdháileadh bliantúil de thacaíocht ó Chúntóirí Riachtanas Speisialta do scoileanna intofa.
D'iarr an Chomhairle ar scoileanna gach iarratas ar thacaíocht ó Chúntóirí Riachtanas Speisialta a chur faoina mbráid faoi 18ú Márta, 2011 agus tá siad faoi láthair i mbun scoileanna a chur ar an eolas faoina leithdháileadh bliantúil de Chúntóirí Riachtanas Speisialta don scoilbhliain seo chugainn.
No comments