Written answers

Tuesday, 12 July 2011

Department of Education and Skills

Soláthar Pinsin

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 162: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ar phinsean tinnis do dhuine (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19581/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Sholáthraigh Rannóg na bPinsean i mo Roinnse eolas maidir le roghanna scoir, ina measc scor mar gheall ar dhrochshláinte bhuan, don duine atá i gceist i mí na Nollag anuraidh. Níl aon taifead i mo Roinnse faoi iarratas ar bith ina dhiaidh sin ón duine céanna ar scor mar gheall ar dhrochshláinte. Más rud é gur mian leis an duine sin anois cur isteach ar scor mar gheall ar dhrochshláinte is ceart di dul i dteagmháil le Rannóg na bPinsean i mo Roinnse agus cuirfidh an rannóg sin na foirmeacha iarratais is gá ar fáil di agus cuirfear comhairle uirthi maidir leis an bpróiseas a bhaineann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.