Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 10: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé mar aidhm aici an Straitéis Fiche Bliain a chur i bhfeidhm. [7958/11]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 20: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta conas a chuirfidh sí Straitéis Fiche Bliain i bhfeidhm sna sé mhí atá le teacht. [7961/11]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sí chun struchtúir a chruthú chun an Straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. [7960/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 10, 20 agus 27 le chéile.

Mar atá ráite sa chlár Rialtais, tabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus déanfar na cuspóirí indéanta atá molta ann a sheachadadh. Tá an Coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Bhí an chéad chruinniú den choiste Rialtais ann ar maidin. Is féidir liom a dheimhniú go mbeidh an coiste seo an-ghníomhach ag féachaint chuige go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm ar bhealach córasach, comhtháite i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa chlár Rialtais.

Maidir leis na struchtúir chun an straitéis a chur i bhfeidhm, tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais agus tá Airí ábhartha eile páirteach ann. Déanfaidh an coiste Rialtais maoirseacht ar an dul chun cinn agus beidh grúpa oifigeach sinsearach ó na Ranna cuí ag tabhairt tacaíochta don choiste Rialtais. Chomh maith leis sin, tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinnse ó thús na bliana seo, mar atá molta sa straitéis. Tá an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith le cinntiú go ndéantar feidhmiú trasrannach ar thionscnaimh agus monatóireacht ar fhorbairt acmhainní. Go bunúsach, tá an t-aonad straitéise ag tabhairt aghaidh go córasach ar na céimeanna is gá a thógáil le cinntiú go gcuirtear an straitéis i bhfeidhm.

Aithnítear sa straitéis go mbeidh gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích thar thréimhse 20 bliain. Faoi láthair, táimid i gcéim an bhunaithe den straitéis. Le linn na tréimhse seo, díreofar ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú chun an straitéis a chur i gcrích. Díreofar go speisialta ar na céimeanna is gá a thógáil chun reachtaíocht a ullmhú maidir le bunú Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, chomh maith le sainmhíniú nua a chruthú do na limistéir Gaeltachta.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir gur chuala mé mícheart, ach shíl mé gur glacadh ceist uimhir a deich le ceist a chuaigh roimhe. B'fhéidir gur chuala mé contráilte.

Ó thaobh na straitéise, ceann des na himní a bhí orm ná gur straitéis 20 bliain atá innti ach nach mbeidh an reachtaíocht i bhfeidhm go dtí 2012. Mar sin, beidh dhá bhliain caillte faoi sin. Tá €1.5 milliún curtha ar leataobh fá choinne cur i bhfeidhm na straitéise i mbliana. Sin an méid eolais a thug an t-iar-Aire, an Teachta Pat Carey, don Dáil. Leoga, sílim gurb é an Teachta McGinley a bhí ag cur na ceiste air. Cá háit a bhéas an €1.5 milliún á chaitheamh i mbliana, ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise de?

An bhfuil sé ar intinn na ceantracha Gaeltachta a bhriseadh suas i dtrí chatagóir, A, B agus C, mar a moladh sa staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht? An mbeidh sin mar pháirt den mBille a bheimís ag plé ag tús 2012?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sin gnéith den phlean atáthar á phlé i láthair na huaire maidir le teorannacha na Gaeltacht féin. Tá tagairt speisialta ins an suirbhé teangeolaíochta do sin chomh maith. Tá dréacht-phlean ullmaithe i láthair na huaire ag an aonad straitéise. Ag an bpointe seo, tá sé iontach deacair dul isteach ins na pointí uilig atá ins an dréacht-phlean mar ní gnáth dréacht-phlean a chur i láthair na Dála go dtí go mbíonn plean ceart againn agus an reachtaíocht bunaithe ar an bplean sin á chur i bhfeidhm. Tá sé sin molta ins an straitéis agus táimid á phlé sin agus ag díriú isteach air. Fiú amháin, plédh é air na mallaibh.

Maidir leis na hacmhainní féin, tá soláthar de €1.5 milliún san áireamh i mbuiséad mo Roinne-se chun an straitéis a chur i bhfeidhm i mbliana. Nuair a tógtar san aireamh an soláthar iomlán, beidh €36 milliún á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ins an Roinn i mbliana. Creidim go mbeidh an soláthar i leith sin dóthaineach don chéad bhliain, os rud é go mbeidh an fócas i dtús báire ar phleanáil, ar dhréacht-reachtaíocht, ar ath-oibriú struchtúir agus ar bhunú chomh-pháirtíochta éagsúla a bheidh riachtanach do chur i bhfeidhm na straitéise.

Tá aonad straitéise bunaithe sa Roinn chun tabhairt faoin obair seo go céimneach agus go córasach. Ní mór a mheabhrú gur tréimhse 20 bliain atá i gceist don chur i bhfeidhm. Tá sé rí-thábhachtach an reachtaíocht agus an struchtúr a fháil i gceart i dtosach báire. Tá an ceart ag an Teachta gur €1.5 millún an méid atá curtha ar fáil i mbliana. Sin an rud a fágadh le huacht againn ón Rialtas a d'imigh. Caithfimid cloí leis sin chomh fada agus is féidir agus oibriú taobh istigh des na teorannacha.

Don chéad bhliain, táimid ag cur na struchtúir in áit. Tá an dréacht-phlean ansin agus tá an reachtaíocht ag teacht. Is cinnte go mbeidh cur i bhfeidhm na straitéise go héifeachtach leis na hacmhainní is féidir a chur ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cé hiad na hAirí atá ar an bhfo-choiste Rialtais atá ag plé na straitéise agus cé acu a bhí i láthair ag an gcruinniú ar maidin?

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir nach bhfuil an t-eolas seo ag an Aire Stáit ag an bpointe seo, ach an féidir leis an briseadh síos den €1.5 milliún atá ar fáil le haghaidh cur i bhfeidh na straitéise a chur chugainn? Cén áit a caifear an t-airgead sin idir seo agus deireadh na bliana?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé cinnte gur féidir an t-eolas sin a chur ar fáil nuair a bhéas an cinneadh déanta. B'fhéidir nach bhfuil sé déanta ag an phointe seo.

Maidir le cruinniú an fho-choiste, bhí an Taoiseach é féin ansin mar chathaoirleach. Bhí an t-Aire Howlin, an t-Aire Deenihan agus mé féin ann. Bhí ionadaí ón Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An raibh an t-Aire féin ann? Níl aon spéis agam ach ins na hAirí a bhí ann.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sin iad na hAirí a bhí ann. Tá sé socair go mbeidh cruinniú gan mhoill idir muid féin agus na hAirí nach raibh ansin.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cé tá ar an choiste?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cé hiad na hAirí atá ar an gcoiste?

Written Answers follow Adjournment Debate.