Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 10, 20 agus 27 le chéile.

Mar atá ráite sa chlár Rialtais, tabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus déanfar na cuspóirí indéanta atá molta ann a sheachadadh. Tá an Coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Bhí an chéad chruinniú den choiste Rialtais ann ar maidin. Is féidir liom a dheimhniú go mbeidh an coiste seo an-ghníomhach ag féachaint chuige go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm ar bhealach córasach, comhtháite i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa chlár Rialtais.

Maidir leis na struchtúir chun an straitéis a chur i bhfeidhm, tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais agus tá Airí ábhartha eile páirteach ann. Déanfaidh an coiste Rialtais maoirseacht ar an dul chun cinn agus beidh grúpa oifigeach sinsearach ó na Ranna cuí ag tabhairt tacaíochta don choiste Rialtais. Chomh maith leis sin, tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinnse ó thús na bliana seo, mar atá molta sa straitéis. Tá an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith le cinntiú go ndéantar feidhmiú trasrannach ar thionscnaimh agus monatóireacht ar fhorbairt acmhainní. Go bunúsach, tá an t-aonad straitéise ag tabhairt aghaidh go córasach ar na céimeanna is gá a thógáil le cinntiú go gcuirtear an straitéis i bhfeidhm.

Aithnítear sa straitéis go mbeidh gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích thar thréimhse 20 bliain. Faoi láthair, táimid i gcéim an bhunaithe den straitéis. Le linn na tréimhse seo, díreofar ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú chun an straitéis a chur i gcrích. Díreofar go speisialta ar na céimeanna is gá a thógáil chun reachtaíocht a ullmhú maidir le bunú Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, chomh maith le sainmhíniú nua a chruthú do na limistéir Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.