Written answers

Thursday, 18 April 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

195. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon anailís déanta aici ar an tionchar atá ann ar cheantair Gaeltachta agus coláistí samhraidh Gaeltachta toisc tithíocht agus lóistín a bheith dírithe ar thurasóireacht, go háirithe mar lóistín de chuid cuideachta áirithe (sonraí tugtha). [17258/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus is í an príomhbhealach a dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Is ar na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil don chóras a bhíonn cúnamh na Roinne dírithe – os rud é gurb iad na mná tí cnámh droma an chórais.

ó thaobh na scéime seo de, níl anailís déanta ag an Roinn ar an tionchar atá ag lóistín a bheith ar fáil go gearrthéarmach ar an earnáil. Mar a bhaineann sé le figiúirí na Roinne do 2023, tá líon na teaghlach atá aitheanta ag an Roinn ag dul sa treo ceart.

Bhí glanmhéadú sé theaghlach déag sa chóras aitheanta anuraidh - ó 495 teaghlach a bhí aitheanta faoin scéim in 2022 go 511 in 2023. Ba cheart a nótáil go bhfuil san áireamh ó thaobh glanmhéadú na teaghlaigh a ghlac briseadh ón scéim don bhliain nó a chuaigh ar scor ón scéim.

Bhí 44 teaghlach aitheanta sa chóras as an nua in 2023 rud a thugann le fios go raibh méadú beagnach 10% (fán gcéad) ar an líon tí ó thaobh teaghlaigh nua-chláraithe. Tá an Roinn sásta gur chuidigh na bearta atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas le coláistí teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa scéim.

Ní gá dom a rá go scrúdófar chomh báúil agus is féidir aon mholtaí praiticiúla, comhaontaithe a chuireann CONCOS, scátheagraíocht na gcoláistí, ar aghaidh chun na Roinne. Tá an Roinn sásta freisin féachaint ar bhealaí inar féidir costais don earnáil a laghdú.

Ba cheart a nótáil nach ar an Roinn amháin atá an fhreagracht bainistiú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá ag teacht isteach san earnáil óir is ar na coláistí atá an fhreagracht sin, agus tacaíonn an Roinn leo trí bheartais ina leith a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an cúrsaí tithíochta agus turasóireachta tá sé beartaithe Bille a chun cinn go luath dírithe ar thithe atá curtha ar fáil go gearrthréimhseach do thurasóirí, go gcaithfí lóistín a bheadh á ligean ar feadh tréimhse ní nach faide ná 21 oíche i ndiaidh a chéile a chlárú le Fáilte Ireland.

Tá tuilleadh eolais faoin reachtaíocht seo leagtha amach sa bhfreagra do cheist 382 ar an 16ú Aibreán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.