Written answers

Thursday, 18 April 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

23. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sí leis an rún glactha ag Ard Fheis Conradh na Gaeilge maidir leis an gcreatlach maoinithe ag Foras na Gaeilge a bheith lochtach, agus an bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a phlé lena comhghleacaí san Fheidhmeannas ó thuaidh. [17072/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is áisíneacht de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge, ceann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh nuair a tháinig An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na héireann 1999 i bhfeidhm. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh, agus dá réir, buiséad Fhoras na Gaeilge.

Tuigimid uile na dúshláin a bhain le buiséad na n-áisíneachtaí Thuaidh Theas le cúpla bliain, ceal an Fheidhmeannas a bheith ag suí agus, mar thoradh air sin, gan cruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a bheith ann le buiséid a cheadú.

Is iad mo Roinn fhéin agus an Roinn Pobail Tuaisceart éireann an dá Roinn Urraíochta ar an bhForas Teanga Thuaidh Theas atá cómhaoinithe ag an dá Roinn. Le Feidhmeannas an Tuaiscirt ar ais anois, tá teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Roinn Pobail Tuaisceart éireann maidir le buiséad 2024.

Maidir le Foras na Gaeilge, íocann mo Roinn 75% dá bhuiséad, le 25% de ag teacht ón Roinn Pobail. Ar an mbonn seo, ní mór aontú an dá Roinn a fháil i leith gach gné de bhuiséid áisíneachtaí an Fhorais Teanga, Foras na Gaeilge san áireamh. Caithfear ansin an buiséad sin a chur faoi bhráid chruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas le bheith faofa.

Tá ardú dár luach €700,000 i mbuiséad mo Roinne don Fhoras Teanga Thuaidh Theas arís i mbliana agus tá cumarsáid leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Pobail maidir leis an obair uile, cúrsaí buiséid san áireamh.

Tuigeann mo Roinn na dúshláin atá ann d'Fhoras naGaeilge agus dá chuid cliaint agus, le tamall de bhlianta anuas. Tá iarrachtaí déanta aici teacht ar bhealaí eile chun tacú tuilleadh le pobal na Gaeilge ar bhonn uile oileáin. Mar shampla, cheadaigh mo Roinn €300,000 breise do Chlár na Leabhar Gaeilge agus don obair fhoclóireachta atá ar bun ag an bhForas i 2023 agus tá súil agam breathnú ar an dá réimse seo arís sa bhliain reatha.

Arís, mar a luaigh mé ag an tús, is faoi scáth an Achta um Chomhaontú na Breataine-na héireann, 1999 a bunaíodh na Forais Thuaidh Theas uile. Leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú leis an Roinn Pobail chun an leas is fearr a bhaint amach don Fhoras Teanga Thuaidh Theas, Foras na Gaeilge san áireamh, faoi scáth na reachtaíochta faoin bhfuil sé bunaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.