Written answers
Tuesday, 16 April 2024
Department of Education and Skills
Scoileanna Lán-Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
119. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé fós mar sprioc ag a Roinn dúbailt a dhéanamh ar líon na ndaltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge de réir an Chláir Rialtais agus cén uair a bheidh sé sin sroichte. [16351/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá obair leanúnach ar siúl i mo Roinnse faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tógfaidh an polasaí nua seo ar an méid atá bainte amach ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta agus beidh sé mar chéim thábhachtach eile i dtreo ghealltanais Chlár an Rialtais a chomhlíonadh.
Agus an polasaí seo á fhorbairt, tá sé mar aidhm ag an Roinn na spriocanna seo a leanas a bhaint amach, i measc nithe eile:
- an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear tógáil ar an mbunchloch a leagtar síos i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge (mar shampla, naíonraí)
- iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta
- iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir an soláthar múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.
Tá réimse gníomhartha glactha le cinntiú go mbeidh an polasaí nua bunaithe ar thaighde reatha:
- Tá athbhreithniú ar an litríocht maidir leis an tumoideachas trí mheán mionteangacha coimisiúnaithe trí phróiseas soláthair phoiblí agus déanta ag Sealbhú, DCU.
- Scríobhadh agus foilsíodh tuarascáil a thugann léargas ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag mo Roinnse.
- Tá taighde maidir le haonaid agus sruthanna lán-Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla ar bun.
- Foilsíodh dhá thuarascáil ilchodacha ar thorthaí cigireachta ar chaighdeán soláthair oideachais i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí in earrach na bliana 2021. Tugann na tuarascálacha seo léargas cabhrach ar chleachtais i scoileanna. Tá tuarascáil ar thorthaí cigireachta ar naíonraí á hullmhú chomh maith.
Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn, chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a neartú agus chun tógáil ar na torthaí dearfacha atá á mbaint amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Táim ag súil freisin le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun na céimeanna éagsúla chun an polasaí a fhorbairt a chur chun cinn.
No comments