Written answers
Thursday, 11 April 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
130. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht líon na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá ainmnithe go dtí seo agus ainm gach baile acu sin; an líon acu atá sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15869/24]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta.
Contae | Baile |
---|---|
Dún na nGall | Leitir Ceanainn, An Clochán Liath* agus Baile Dhún na nGall |
Maigh Eo | Béal an Mhuirthead*, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh |
Gaillimh | Cathair na Gaillimhe agus An Clochán |
Ciarraí | Daingean Uí Chúis*, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín |
Corcaigh | Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha |
Port Láirge | Dún Garbhán |
An Mhí | Baile Átha Buí agus An Uaimh |
* bailte lonnaithe sa Ghaeltacht
Tá pleananna teanga ceadaithe i leith an 8 mbaile seo a leanas:
- Daingean Uí Chúis
- Leitir Ceanainn
- Cathair na Gaillimhe
- An Chlochán Liath
- Trá Lí
- Dún Garbhán
- Caisleán an Bharraigh
- Cathair Saidhbhín
Chomh fada is a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, is é cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.
Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:
- don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
- daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;
- ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
- tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt dá réir ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
No comments