Written answers

Thursday, 11 April 2024

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

126. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nár ceadaíodh iarratas ar mhúinteoir/Chúntóir Riachtanais Speisialta (CRS) a shannadh do rang speisialta i scoil (sonrai tugtha) le freastal ar pháiste a bhfuil riachtanais speisialta air, atá ag freastal ar Scoil Ghaeltachta agus atá i dteideal na ndeiseanna céanna oideachais a fhaigheann gach páiste eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15871/24]

Photo of Hildegarde NaughtonHildegarde Naughton (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is tosaíocht í don rialtas seo leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chumasú le hoideachas a fháil.

Tugtar tacaíocht d’fhormhór mór na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun freastal ar ranganna príomhshrutha lena bpiaraí. Áit a bhfuil tacaíochtaí breise ag teastáil ó leanaí a bhfuil riachtanais níos casta acu, cuirtear ranganna speisialta agus áiteanna i scoileanna speisialta ar fáil.

In 2023, caitheadh €2.6 billiún ar oideachas speisialta agus déanfar tuilleadh dul chun cinn i mbliana mar go mbeidh €113 milliún sa bhreis dírithe ar thacaíochtaí a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Cuimsíonn sé seo maoiniú chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha; maoiniú le haghaidh ranganna speisialta nua agus áiteanna nua i scoileanna speisialta; múinteoirí oideachais speisialta breise, cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) agus maoiniú don tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO).

In 2024, méadófar líon na bpost teagaisc agus CRS inár scoileanna agus beidh 744 múinteoir agus 1,216 CRS sa bhreis curtha ar fáil chun suas le 2,700 áit nua a sheachadadh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó ná 41,500 duine cáilithe agus tiomanta inár scoileanna atá ag díriú go hiomlán agus go heisiach ar thacaíocht a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá an SNSO freagrach as tacaíochtaí scoile a phleanáil agus a chomhordú do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá ról lárnach ag CRSanna le scoláirí a bhfuil riachtanais chúraim bhreise agus shuntasacha acu a imeascadh isteach go rathúil in oideachas príomhshrutha, i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta lena chinntiú gur féidir leis na scoláirí seo rochtain a dhéanamh ar oideachas chun iad a chumasú leis na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach agus le barr a gcumais a bhaint amach. Leithdháiltear CRSanna ar scoileanna mar acmhainn scoilbhunaithe agus ní leithdháiltear iad ar leanaí aonair.

Is faoin bpríomhoide/mbord bainistíochta ar leith de chuid na scoile CRSanna a leithdháileadh laistigh de scoileanna. Ba chóir don scoil CRSanna feidhm a bhaint as CRSanna ar an tslí is fearr ina bhfreastalaítear ar riachtanais tacaíochta cúraim na leanaí atá rollaithe sa scoil dá bhfuil tacaíocht CRS leithdháilte.

Leis seo, ceadaítear solúbthacht do scoileanna maidir le conas a bhaintear úsáid as an tacaíocht CRS.

Tá leithdháiltí CRS foilsithe ag an SNSO le haghaidh scoilbhliain 2023/24. Chun tagairt dóibh a éascú, tá na leithdháiltí miondealaithe de réir cineál scoile agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin an SNSO ag: ncse.ie/ga/set-hours-and-sna-allocations.

Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an SNSO ar athbhreithniú a dhéanamh ar a leithdháileadh CRS mura leor é chun freastal ar riachtanais a scoláirí.

Tá mioneolas faoi phróiseas athbhreithnithe eisceachtúil an SNSO foilsithe ar shuíomh gréasáin an SNSO: ncse.ie/ga/application-for-sna-exceptional-review

Déanann an SNSO bainistíocht ar an bpróiseas athbhreithnithe eisceachtúil agus déileáiltear le gach cás ar bhonn aonair. Is féidir iarratais áirithe ar athbhreithniú a dhéanamh a thabhairt chun críche mar chleachtadh oifige, cé go mbeidh gá le cuairt a thabhairt ar an scoil i gcásanna eile chun breathnú ar imlonnú reatha na tacaíochta CRS i suíomh na scoile.

Defhéadfadh an tréimhse ama le hathbhreithniú a thabhairt chun críche a bheith éagsúil ag brath ar chomhthéacs na scoile nó ar nádúr an eolais a chuirtear ar fáil.

Tar éis thoradh an athbhreithnithe, is féidir leis an SNSO an t-oifigeach riachtanas speisialta oideachais áitiúil (ORSO) a chur ar fáil don scoil chun plé a dhéanamh faoina n-imlonnú reatha de thacaíochtaí CRS sa scoil agus na tacaíochtaí seo a chur ar fáil leis an mbuntáiste is fearr a thabhairt do na scoláirí. Tá tacaíocht inscoile SNSO ar fáil freisin do scoileanna chun tuilleadh treorach agus tacaíochta a chur ar fáil.

Ós rud é go bhfuil an SNSO freagrach as CRSanna a leithdháileadh ar scoileanna, déanfaidh mé socrú le d’fhiosrú a chur ar aghaidh go dtí an SNSO lena haird a tharraingt air agus le freagra díreach a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.