Written answers
Tuesday, 9 April 2024
Department of Agriculture, Food and the Marine
Caiteachas Ranna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1047. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist tairiscintí a lorg i leith foirgnimh (sonraí tugtha) atá le ceannach nó le tógáil ar léas; má tá aon chúis leis an moill maidir leis seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15392/24]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé cinn d’Ionaid Iascaigh Cuain faoi Úinéireacht an Stáit ainmnithe i seilbh mo Roinne, agus feidhmíonn mo Roinn na hionaid seo agus déanann sí cothabháil orthu. Tá na hionaid suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, sa Daingean, i nDún Mór, i mBinn Éadair, sna Cealla Beaga agus i Ros an Mhíl, faoi reacht.
Is iad na hionaid réadmhaoine agus na haonaid laistigh de na hionaid réadmhaoine dá sórt atá suite ag na sé Ionad Iascaigh Cuain lena n-áirítear Ros an Mhíl, nuair is cuí, a chuirtear ar fáil le haghaidh tionóntachta faoi aontú léasa trí phróiseas tairiscintí iomaíocha oscailte, de réir dea-chleachtais agus treoirlínte soláthair phoiblí. Tá machnamh á dhéanamh ag mo Roinn faoi láthair ar na sciartha folmha den fhoirgneamh TCA faoi láthair, agus é mar aidhm ag mo Roinn tairiscintí a lorg le haghaidh na limistéar seo.
Tá tairiscintí dá sórt oscailte do gach páirtí leasmhar agus fógraítear iad sna meáin, in oifig Mháistir an Chuain agus ar líne ag: gov.ie - Tenders and Notices (www.gov.ie)
No comments