Written answers

Tuesday, 9 April 2024

Department of Communications, Climate Action and Environment

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

106. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cá mhéad uair a pléadh ina Roinn an Ghaeilge i bhforbairt Re-turn, agus cad iad na coinníollacha a leag sé síos lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge san áireamh i seirbhísí Re-turn. [14595/24]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

107. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cén fáth nach bhfuil an tseirbhís Re-turn ach i mBéarla amháin, i limistéir Ghaeltachta san áireamh, agus cén fáth gur theip ar Re-turn seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil in aon ceann dá innill nó in aon chuid dá mhargaíocht in áit ar bith sa tír, agus an nglacann sé leis go bhfuil sé sin ag teacht salach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar an gClár Rialtais maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, ina ngealltar limistéir Ghaeltachta a chosaint agus a chaomhnú lena chinntiú go mbeidh siad i gcroílár na teanga beo i gcónaí, agus cé na céimeanna atá á nglacadh aige chun an cás a cheartú [14596/24]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 106 and 107 together.

Baineann Acht na dTeangacha Oifigiúla le comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ranna agus oifigí rialtais; Údaráis Áitiúla; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS); ollscoileanna; na Boird Oideachais agus Oiliúna agus institiúidí tríú leibhéal eile; gníomhaireachtaí, boird agus cuideachtaí stáit (tráchtála agus neamhthráchtála). Níl Re-Turn, ar eintiteas neamhbrábúis é arna bhunú ag tionscal deochanna na hÉireann, faoi réir an Achta.

Tá an fhaisnéis uile atá ar fáil ar an Scéim Éarlais agus Tabhair Ar Ais (DRS) ar www.gov.ie ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá mo Roinn tiomanta do bheith ag obair le Re-turn chun a chinntiú go bhfuil a gcuid cumarsáide poiblí chomh inrochtana do chainteoirí Gaeilge agus is féidir.

Níl áirítear aon cheanglas conarthach ar Re-turn ina bhformheas faoi rialacháin DRS. Ina ainneoin sin, tá an cuideachta ag déanamh socrú chun go n-aistreofar a bpríomhthreoir do chustaiméirí agus do ghnólachtaí go 10 dteanga, lena n-áirítear Gaeilge. Tá sé seo ar fáil anois.

Is ceist don mhiondioltóir a rinne infheistíocht sa mheaisín é teanga comheádain Meaisíní Díolacháin Ar Ais. Tá an Roinn sásta a bheith obair le chéile le Re-Turn chun infhaighteacht agus infheictheacht na Gaeilge a fheabhsú i ngach gné den Scéim amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.