Written answers

Tuesday, 9 April 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

559. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén caitheamh caipitiúil a bhí ag Údarás na Gaeltachta sna réigiúin éagsula, le 5 bliana anuas, i bhfoirm thábla [14060/24]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an tábla thíos léiriú ar an gcaiteachas tógála de €50m a rinne Údarás na Gaeltachta idir na blianta 2019 agus 2023. Tá punann fairsing maoine ag an Údarás ina bhfuil breis agus 500 aonad tionsclaíocha agus gnó scaipthe thar na seacht gcontae Gaeltachta. Thug Údarás na Gaeltachta le fios gur tógadh formhór na bhfoirgnimh sin sna 70idí agus sna 80idí. Baineann an caiteachas a rinneadh le meascán de thograí caipitil idir foirgnimh nua mar aon le hathchóiriú agus athearraíocht ar shean fhoirgnimh. Tháinig méadú suntasach ar an gcaiteachas tógála idir na blianta 2019 agus 2023 atá maoinithe go príomha ó Vóta mo Roinne. Tá maoiniú breise aimsithe ag Údarás na Gaeltachta ó fhoinsí eile ar nós an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le roinnt blianta anuas.

Tá sé de chúram ar an Údarás a chinntiú go n-úsáidtear na foinsí maoinithe atá ar fáil dó ar thograí fiúntacha ag cinntiú go bhfaightear luach ar airgead agus go gcloítear leis an gCód Caiteachais Poiblí. Braitheann an caiteachas a dhéantar ag aon phointe ama ar shaolré na dtograí atáthar a fhorbairt agus áirítear leis sin an gá le cothromaíocht réigiúnach a bhaint amach. Le linn na tréimhse cúig bliana atá luaite, rinneadh 46% den chaiteachas i nGaeltacht na Gaillimhe, le 22% déanta i nGaeltacht Dhún na nGall agus 12% i nGaeltacht Mhaigh Eo. Tá sé le feiceáil go bhfuil, den chuid is mó, comhchoibhneas idir an pátrún caiteachais de réir contae Gaeltachta agus an daonra Gaeltachta atá lonnaithe sna ceantair sin.

- 2019 2020 2021 2022 2023 Iomlán % den iomlán % den Daonra
€’000 €’000 €’000 €’000 €’000 €’000
Dún na Gall 4,311 2,174 1,181 1,107 2,450 11,223 22% 23%
Maigh Eo 632 798 623 1,680 2,420 6,153 12% 10%
Gaillimh 1,712 2,721 5,022 6,621 6,773 22,849 45% 51%
An Mhí 1,135 1,702 290 75 646 3,848 8% 2%
Ciarraí 30 1,076 114 599 2,016 3,835 8% 8%
Corcaigh 60 516 882 341 301 2,100 4% 4%
Port Láirge 0 0 0 0 0 0 0% 2%
Iomlán 7,880 8,987 8,112 10,423 14,606 50,008

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

560. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú caipitiúil atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do thogra Pháirc na Mara, le 5 bliana anuas, i bhfoirm thábla, cé mhéad den mhaoiniú a caitheadh sna blianta éagsúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14061/24]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Páirc na Mara aitheanta mar cheann de thograí straitéiseacha Údarás na Gaeltachta ina bhfuil sé beartaithe ionad náisiúnta taighde, nuálaíocht agus forbartha a lonnú i gCill Chiaráin, Conamara a bheidh dírithe ar dheiseanna in earnáil na mara a thapú. Deir Údarás na Gaeltachta gur togra uaillmhianach é seo a thagann leis an bhfís atá ag Údarás na Gaeltachta postanna a chruthú atá ceangailte go dlúth leis an gceantar ina bhfuil siad lonnaithe – bíodh siad ina dtograí teanga-lárnaithe, nó ina dtograí bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Tá maoiniú iomlán de €2 milliún ceadaithe ag Fiontraíocht Éireann don togra seo.

Mar atá léirithe sa tábla thíos, is caiteachas de €1.024m atá déanta ar an togra idir na blianta 2019 agus 2023. De réir Údarás na Gaeltachta, bhain formhór an chaiteachais sin le hobair dheartha, innealtóireachta agus comhairleoireachta ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh an togra a chur tríd an bpróiseas pleanála.

As an maoiniú iomlán de €2 milliún atá ceadaithe don togra, cheadaigh Fiontraíocht Éireann deontas caipitil de €1.6 milliún d’Údarás na Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar Ionad Nuálaíochta agus Forbartha Mara (MIDC) ar thalamh atá i seilbh an Údaráis i gCill Chiaráin. Is faoin gCiste Forbartha Fiontraíocht Réigiúnaigh (CFFR) a ceadaíodh an maoiniú d’fhorbairt an ionaid seo atá mar chuid lárnach de mhór thogra straitéiseach, Páirc na Mara.

Cuireadh iarratas pleanála faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí Bealtaine 2020, ach dhiúltaigh an t-údarás áitiúil don iarratas sin. Ina dhiaidh sin, chinn an Bord Pleanála diúltú den achomharc a rinne an tÚdarás i dtaca leis an gcead pleanála i mí Márta 2023.

Tá sé ráite ag an Údarás, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna éagsúla, go bhfuil sé beartaithe ag an eagraíocht tabhairt faoi iarratas nua a ullmhú ar mhaithe leis an togra tábhachtach seo a thabhairt chun cinn. Tá obair ar siúl chun an t-iarratas sin a ullmhú i láthair na huaire.

Caiteachas Caipitil
2019 2020 2021 2022 2023 Iomlán
Páirc na Mara €355,152 €357,579 €122,501 €10,404 €178,848 €1,024,484

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

561. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú caipitiúil Údarás na Gaeltachta atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do thogra Choláiste Íosagáin, le 5 bliana anuas, i bhfoirm thábla, cé mhéad den mhaoiniú a caitheadh sna blianta éagsúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14062/24]

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.