Written answers
Tuesday, 5 March 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
350. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid airgid a chaitheann an Rialtas in aghaidh na bliana ar chlár Cholmcille, a chuireann cás Ghaeilge na hÉireann agus cás Ghaeilge na hAlban araon chun cinn. [10382/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist le Colmcille ar mhaithe le Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn.
Ag éirí as cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i Samhain 2014, is é Foras na Gaeilge atá freagrach as an tionscadal ar oileán na hÉireann, le Bórd na Gàidhlig freagrach as in Albain.
Faoin tionscadal seo, díríonn comhghrúpa oibre idir-áisíneachta Cholmcille ar thionscadail straitéiseacha agus tionscnaimh chomhoibrithe eile, mar aon le dea-chleachtas a roinnt agus naisc inbhuanaithe a chruthú sa phobal ar oileán na hÉireann agus in Alban.
Tá an tionscadal á chómhaoiniú ar bhonn 50% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 50% ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann. Tá maoiniú €118,519 in aghaidh na bliana á chur ar fáil ag mo Roinn don tionscadal ó 2016 i leith.
No comments