Written answers

Tuesday, 5 March 2024

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

308. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéid airgid a chaitheann an Rialtas in aghaidh na bliana ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. [10381/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. Baineann ról na Comhairle leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas agus tá trí mhór-réimse oibre ann: § Soláthar acmhainní teagaisc § Seirbhísí taca § Taighde In aitheantas ar an ról tábhachtach seo, d’ardaigh an Roinn a leithdháileadh maoinithe don Chomhairle ó €2,840,000 in 2022 go €3,040,000 in 2023 agus tá méid comhchosúil leithdháilte aici do 2024. Áirítear leis an bhfigiúr seo leithdháileadh de €297,000 do chlár oibre COGG maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. In 2023 fuair COGG maoiniú de €35,000 ó Fhoras na Gaeilge maidir lena gcuid oibre ar chlubanna leabhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.