Written answers

Tuesday, 27 February 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Teagasc na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

250. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé figiúirí maidir le líon na mac léinn lasmuigh den tír atá ag fáil teagasc sa Ghaeilge le cabhair ó mhaoiniú an rialtais seo, agus cé líon na ndaoine atá ag múineadh Gaeilge thar lear le cabhair ó mhaoiniú an rialtais seo. [9051/24]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge thar lear ar bhealaí éagsúla:



1. Maoiniú don Choimisiún Fulbright do mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe ó 2006 i leith;

2. Maoiniú d’Fhondúireacht Ollscoile Éire-Ceanada (ICUF) do mhúineadh na Gaeilge i gCeanada ó 2009 i leith; agus,

3. Maoiniú do roinnt ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar an mór-roinn faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear ó 2006 i leith.
Leagtar amach sa tábla thíos na figiúirí is deireanaí don bhliain acadúil 2023/2024 maidir le mic léinn atá ag foghlaim na Gaeilge agus múinteoirí atá ag teagasc na Gaeilge thar lear faoi na sruthanna maoinithe seo.
Ollscoil/Eagraíocht Tír Líon na mac léinn cláraithe 2022/2023 Teagascóirí Gaeilge
ICUF
  • Coláiste Naomh Micheál, Ollscoil Toronto, Ontario
  • Ollscoil Naomh Muire, Halifax, Albain Nua
  • Ollscoil St Thomas, Fredericton, New Brunswick
  • Memorial University Talamh an Éisc
  • Ollscoil Ottawa, Ontario
  • Ollscoil Alberta
  • Ceanada 582 6
    Coimisiún Fulbright
  • Ollscoil Lehman
  • Ollscoil Nua-Eabhrac
  • Ollscoil Montana
  • Ollscoil Wisconsin
  • Ollscoil St Thomas
  • Ollscoil Connecticut
  • Ollscoil Villanova
  • Ollscoil Notre Dame
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá 856 10
    Ollscoil Aberystwyth An Bhreatain Bheag 49 1
    Ollscoil Adam Mickiewicz An Pholainn 44 1
    Ollscoil Brest An Fhrainc 81 1
    Ollscoil Caerdydd An Bhreatain Bheag 10 1
    Ollscoil Cambridge Sasana 36 1
    Ollscoil Charles, Prág An tSeicia 130 1
    Coláiste na nGael, Paras An Fhrainc 60 1
    Ollscoil Dortmund An Ghearmáin 47 1
    Ollscoil Freiburg An Ghearmáin 31 1
    Ollscoil Leipzig An Ghearmáin 91 1
    Ollscoil Learphoill (Learpholl) Sasana 142 1
    Ollscoil Learpholl (Londain) Sasana 157 1
    Ollscoil Manheim An Ghearmáin 15 1
    Ollscoil Marburg An Ghearmáin 7 1
    Ollscoil Martin Luther, Halle An Ghearmáin 43 1
    Ollscoil Matej Bel An tSlóvaic 54 1
    Ollscoil Rennes An Fhrainc 122 1
    Ollscoil Ruhr Bochum An Ghearmáin 62 1
    Ollscoil SKSK An tSlóvaic 90 1
    Ollscoil Uppsala An tSualainn 41 1
    Ollscoil Vín An Ostair 115 2
    Iomlán 2,865 38


    Tá Coimisiún Fulbright agus ICUF araon ag obair chun a gcláir Ghaeilge a leathnú amach chuig ollscoileanna eile agus tá an Roinn i dteagmháil go díreach le hollscoileanna eile san Eoraip chun cláir Ghaeilge nua a chruthú in ollscoileanna eile. Léiríonn aiseolas ó ICUF, Fulbright agus ó na hollscoileanna eile thuasluaite chomh maith le líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar na cúrsaí seo go bhfuil éileamh ard ar an teanga a fhoghlaim thar lear agus tá rún daingean ag an Roinn cur leis na deiseanna atá ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim thar lear, dá bharr.

    Comments

    No comments

    Log in or join to post a public comment.