Written answers

Tuesday, 27 February 2024

Department of Rural and Community Development

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

662. To ask the Minister for Rural and Community Development ar aontaigh a Roinn le leasú ar thearmaí an chonartha lastais chuig Inis Meáin atá á rith ag comhlucht (sonraí tugtha) faoi chonradh leis an Roinn nach mbeidh an comhlucht sin sásta níos mo baireallaí folamha a thabhairt ó Inis Meáin go dtí an mór-thír agus baireallaí lán d'ola a thbhairt ar ais chuig Inis Meáin; má d'aontaigh a Roinn cén fáth nach ndeachaigh siad i gcomhairle leis an bpobal faoin gceist roimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8890/24]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuil aon leasú déanta ar théarmaí an chonradh atá aontaithe leis an bhfarantóir lastais d’oileáin Árainn.

Tuigtear dom, áfach, go bhfuil teagmháil déanta ag Oifig na Suirbhéireachta Muirí (OSM) leis an bhfarantóir maidir leis an cleachtais oibre atá ann faoi láthair breosla a iompair chuig na hoileáin i mbairillí beaga de bharr riosca truaillithe mara.

Tuigtear dom freisin go bhfuil an farantóir, i gcomhair le hoifigeach forbartha an oileáin, ag obair ar bhealaí le go bhfeadfaí breosla a thabhairt chuig an oileán gan na rialacháin thruailliú mara a sharú. Is ceist í sin don bhfarantóir agus Oifig na Suirbhéireachta Muirí (OSM), atá faoi chúram an Aire Iompair. Níl aon ról agamsa ná ag mo Roinn sa chás sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.