Written answers

Tuesday, 27 February 2024

Department of An Taoiseach

Forbairt na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

51. To ask the Taoiseach cé líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ar cainteoirí iad atá idir 3 bliana agus 4 bliana d’aois de réir Daonáireamh 2022. [9043/24]

Photo of Hildegarde NaughtonHildegarde Naughton (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I nDaonáireamh 2022, cuireadh na roghanna seo a leanas ar fáil do fhreagróirí a thug le fios i gCeist 13 gur labhair siad Gaeilge le chomh minic is a labhair siad Gaeilge a chur in iúl.

1 Go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais
2 Go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais
3 Go seachtainiúil
4 Ní chomh minic sin
5 Ní labhraím riamh í

Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil seans ann freisin gur labhair daoine i gcatagóirí 2 go 5 Gaeilge laistigh den chóras oideachais.

Léirítear sa tábla thíos daoine atá 3 nó 4 bliana d’aois i gCeantair Ghaeltachta a chuir in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt tráth an daonáirimh.

- Daoine atá 3 nó 4 bliana d’aois i gceantair Ghaeltachta de réir chomh minic is a labhraítear Gaeilge (uimhir), 2022
An líon daoine ar fad a chuir in iúl gur labhair siad Gaeilge 1,052
An líon daoine a labhraíonn Gaeilge taobh istigh den chóras oideachais amháin 513
An líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil 387
An líon daoine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil 72
An líon daoine nach labhraíonn Gaeilge chomh minic sin 52
An líon daoine nach labhraíonn Gaeilge riamh taobh amuigh den chóras oideachais amháin 1
Níl luaite 27

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.