Written answers

Thursday, 15 February 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 68 den 5 Nollaig 2023, cén dul chun cinn atá déanta ar an obair athbhreithniúcháin a rinne Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliant-chuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; cén dul chun cinn atá déanta ar an scéim nua tacaíochta dá chliaint le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an scéim nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6816/24]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I 2023, thionscnaigh Údarás na Gaeltachta athbhreithniú ar chur chuige agus córais na heagraíochta i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge ina chuid cliantchomhlachtaí de. Mar chuid den athbhreithniú sin, tugadh aird ar chur chuige reatha na heagraíochta, ar chórais riaracháin, ar an tseirbhís tacaíochta don chliant agus nithe eile. Rinneadh taighde freisin ar riachtanais na gcliant de réir mar a bhain sé le tacaíochtaí teanga, úsáid na Gaeilge sa ghnó agus i measc na bhfostaithe agus gnéithe eile nach iad.

Léirigh an taighde seo go raibh 58% d’fhostaithe na gcliantchomhlachtaí líofa sa Ghaeilge. Mar chuid den taighde, chuir cliantchomhlachtaí an Údaráis moltaí chun cinn maidir le brandáil, cumarsáid, margaíocht, freagracht shóisialta chorparáideach, cumasú agus cothú caidrimh, agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí sa phobal.

Ag eascairt ón taighde seo, tá forbairt déanta ag Údarás na Gaeltachta ar scéim nua tacaíochta dá chliaint d'fhonn tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó. Díríonn an scéim nua ar struchtúir agus gníomhaíochtaí tacaíochta leanúnacha a thairiscint dá chliaint. De réir thaighde an Údaráis, is iad na mórchomhlachtaí is deacra dul i bhfeidhm orthu ó thaobh nósmhaireacht teanga de agus, dá bharr sin, tá gá ar leith bainteach le tacaíochtaí teanga a chur ar fáil do na gnólachtaí sin. Táthar ag súil go rachaidh an scéim nua tacaíochta i bhfeidhm ar líon níos mó daoine ar shlí éifeachtach.

Tá an scéim tacaíochta seo dírithe ar chomhoibriú le cliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bhfuil 30 nó níos mó fostaí ag obair iontu. Déanfar cliaint a spreagadh le tabhairt faoi Phleananna Forbartha Gaeilge a fhorbairt agus a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana le tacaíocht maoinithe ón Údarás. Is gníomhaíochtaí tacaíochta teanga iad seo a bheadh treoraithe ag torthaí an taighde agus ag an bpróiseas comhairliúcháin.

Mar chuid den phlean seo, cheapfaí baill foirne mar Áisitheoirí Teanga ag oibriú i gcomhar leis an Údarás le Plean Forbartha Gaeilge a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana. Déanfaidh an tÚdarás na hAisitheoirí Teanga a chumasú sa réimse seo trí chlár oiliúna a sheachadadh dírithe ar spriocanna an Phlean Forbartha Gaeilge bhaint amach. Díríonn an Plean Forbartha Gaeilge ar réimse leathan gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar riachtanais an ghnó féin, riachtanais na bhfostaithe ar an láthair oibre chomh maith lena riachtanais teanga ag sa mbaile nó sa phobal, agus cultúr inmheánach an ghnólachta. Is múnla é seo a bhfuil sé mar aidhm aige úinéireacht, comhoibriú, tuairisciú agus leanúnachas a spreagadh sna comhlachtaí.

Beidh tacaíocht maoinithe bhliantúil idir €5,000 agus €10,000 á chur ar fáil do na cliaint chun gníomhaíochtaí teanga-dhírithe a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn sa ghnó. Tá múnla, maoiniú, agus cruth na scéime seo pléite le Bord an Údaráis.

Tá roinnt maoinithe ar fáil do 2024 sa chaoi is gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta na chéad chéimeanna a thógáil agus an scéim seo a thairiscint ar bhonn phíolótach do roinnt cliaint. Measann Údarás na Gaeltachta go bhfuil i ndóthain maoinithe ar fáil le tabhairt faoin scéim in idir 8 agus 10 gcliantchomhlacht ag brath ar an líon fostaíochta sna cliaint seo. Beidh na céimeanna cuí á dtógáil ag an Údarás sna míonna amach romhainn chun an scéim seo a thairiscint do líon aontaithe cliaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.