Written answers
Wednesday, 14 February 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Tithíochta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
194. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain faoina mbeidh an grúpa oibre molta don tithíocht Gaeltachta bunaithe, agus sonraí a thabhairt faoin ról a bheidh acu, agus an mbeidh na treoirlínte don phleanáil Gaeltachta i bhfeidhm faoin am atá siad i mbun oibre. [7123/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an 2 Feabhra 2024 bhí cruinniú idir oifigigh na Roinne agus ionadaithe ón ghrúpa Bánú. Mhínigh ionadaíocht Bánú na dúshláin, mar a fheiceann siad iad, a bhaineann le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht agus féidearthachtaí chun na dúshláin seo a shárú. Ceann do na hábhair a pléadh ná an fhéidearthacht grúpa oibre a bhunú chun cuid de na féidearthachtaí a phlé le réimse geallsealbhóirí eile.
Níl an comhrá seo ach ina thús agus beidh níos mó eolais faoin ngrúpa oibre, más ann dó, agus an ról a d'fhéadfadh a bheith aige ar fáil amach anseo.
Maidir leis na Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, tá oifigigh ó mo Roinn agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun caidrimh d’fhonn na dréacht-treoirlínte a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir.
No comments