Written answers

Wednesday, 14 February 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

191. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht míniú a thabhairt ar cén fáth nár caitheadh ach €208,668 ar thogra amháin Gaeilge faoi Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte i gcomparáid le os cionn €9 milliún ar thograí ealaíona agus cultúir, agus an bhfuil sé i gceist aici an éagóir sin a cheartú trí breis infheistiú a chur isteach san earnáil Gaeilge go luath. [7120/24]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a luaigh an tAire Stáit i bhfreagra ar cheist ar an ábhar seo le déanaí, tá maoiniú dár luach €2 milliún ceadaithe do mo Roinn go dtí seo ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, dírithe ar thionscadail in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise, ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus cultúir an oileáin ar fad. Tá an t-allúntas seo ar fáil le caitheamh idir seo agus deireadh na bliana seo chugainn.

Anuas air sin, dár ndóigh, tá soláthar iomlán d’os cionn €18.7m i meastacháin mo Roinne i mbliana do Chomhoibriú Trasteorann lena n-áirítear leithdháileadh os cionn €18m chun tacú le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn. Meabhraítear don Teachta nach bhfuil a leithéad de shocrú institiúdach ann in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir.

Leanann oifigigh mo Roinne ag plé le grúpaí éagsúla maidir le tograí féideartha atá ag teacht le spriocanna an tionscadail uile-Rialtais seo agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach le cur faoi bhráid an Rialtais mar chuid de na cinntí faoi chaitheachas faoi Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus dul i dteagmháil le gach pobal agus gach traidisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.

Mar chuid den leathdháileadh atá luaite thuas, tá tacaíocht á cur ar fáil ag mo Roinn don obair atá ar bun faoi láthair ag Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste. Tá os cionn €200,000 curtha ar fáil don Naíscoil tríd an gCiste go dtí seo. Is tionscadal fíorthábhachtach í seo d'fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste.

Leanfar ag plé go dlúth le grúpaí eile a bhfuil ábhair-thionscadail ar intinn acu in earnáil na Gaeilge a chuirfeadh le tionscamh an Oileáin Chomhroinnte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.