Written answers

Tuesday, 13 February 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

361. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén ról atá ag an Roinn maidir le tacú le Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir i gCeanada, cén maoiniú atá tugtha ag an Rialtas don togra gach bliain ó bunaíodh é in 2007, agus an ndéanfaidh sí cur síos ar na torthaí atá bainte amach aige.; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6058/24]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon teagmháil dhíreach ag mo Roinn le Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir i gCeanada ná níl aon socrú maoinithe ag an Roinn ina leith.

Tá rún daingean ag an Roinn tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh Ghaeilge thar lear, Ceanada san áireamh, agus chuige sin tá comhaontú deontais i bhfeidhm le tamall de bhlianta le Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada (ICUF) chun cur ar a cumas a clár Gaeilge a rith. Is í aidhm an chláir ná an Ghaeilge a mhúineadh do mhic léinn tríú leibhéal i gCeanada chomh maith le tuiscint níos fearr ar an teanga a spreagadh agus nasc láidir a chothú idir Ceanada agus na réigiúin Ghaeltachta in Éirinn. Tá comhpháirtíocht ag an bhFondúireacht le cúig ollscoil i gCeanada faoi láthair. Tá sé mar sprioc ag an eagraíocht go méadófaí an líon ollscoileanna a mbeidh siad ag obair leo go seacht gcinn i rith na tréimhse 2024 - 2026.

Tacaíonn an deontas seo go príomha le teagascóirí Gaeilge a sheoladh go Ceanada leis an nGaeilge a mhúineadh ann. Chomh maith leis sin, tacaíonn an deontas leis an deis a chuirtear ar fáil do mhic léinn ó Cheanada cúrsa Gaeltachta a dhéanamh in Éirinn. In 2023, fuair 25 mac léinn ó Cheanada an deis tabhairt faoi chúrsa Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe ar feadh trí nó ceithre seachtaine.

Sheol ICUF, le tacaíocht ón gCoimisiún Fulbright, a fhaigheann maoiniú ón Roinn freisin dá chuid clár Gaeilge i roinnt ollscoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ‘Trasna na dTonnta’ den chéad uair roinnt blianta ó shin. Is feachtas ar na meáin shóisialta é Trasna na dTonnta atá ag dul ó neart go neart gach bliain ag cruthú nasc idir pobail labhartha na Gaeilge ar fud an domhain. Cruthaítear cibear-Ghaeltacht ar líne ar feadh tréimhse cúig lá mar chuid den fheachtas seo agus léiríonn an feachtas don phobal i gcoitinne go bhfuil an Ghaeilge á húsáid ar fud an domhain. Bhí an-rath ar an bhfeachtas le roinnt blianta anuas agus d’éirigh le ICUF go leor ócáidí saor in aisce ar líne a reáchtáil.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ó ICUF gur fhreastail 582 mac léinn ó Cheanada ar 731 uair an chloig de ranganna Gaeilge i rith na bliana acadúla 2022/23.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.