Written answers
Wednesday, 31 January 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí briseadh síos i bhfoirm tábla de na tograí a bhaineann leis an nGaeilge a fuair tacaíocht ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus méid an mhaionithe a tugadh don togra á chur san áireamh [4502/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá maoiniú caipitil €15.6 milliún san iomlán curtha ar fáil do mo Roinn faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, chun tionscadail nua a fhorbairt sna réimsí a thagann faoi chúram na Roinne seo. Baineann €2 milliún den allúntas seo le tionscadail a fhorbairt in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus cultúir an oileáin ar fad.
Faoi láthair, táthar i gcomhráití le grúpaí éagsúla maidir le tógraí caipitil féideartha, a bhféadfaí a fhorbairt faoi scáth an tionscnaimh. Leagtar amach sa tábla thíos sonraí maidir leis an maoiniú ón gCiste atá íoctha amach go dáta:
Togra | Cur síos | Suim Íoctha |
---|---|---|
Naíscoil na Seolta | Naíscoil a fhorbairt in Oirthear Bhéal Feirste | €208,668 |
No comments