Written answers
Wednesday, 31 January 2024
Department of Education and Skills
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
54. To ask the Minister for Education and Skills cén costas a bhainfeadh le seachtain bhreise tumoideachais sa Ghaeltacht a mhaoiniú d'ábhair oidí. [4472/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceithre institiúid ardoideachais (IAOanna) státmhaoinithe agus soláthraí príobháideach neamhspleách OTM amháin a chuireann oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) ar fáil do mhúinteoirí bunscoile.
Is iad na riachtanais reatha maidir le socrúcháin do Thréimhsí Foghlama Gaeltachta (TFGanna) do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) bunscoile ná 2 x 2 sheachtain, atá leagtha amach i Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí na Comhairle Múinteoireachta.
Rinneadh foráil i mBuiséad 2020 chun an deontas do chostas iomlán na dTréimhsí Foghlama Gaeltachta (TFGanna) d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe i gcláir OTM bunscoile atá maoinithe ag an Stát a thabhairt ar ais, le héifeacht ón mbliain acadúil 2020/2021. Rinne mo Roinn an deontas seo a mhaoiniú suas go dtí an bhliain acadúil 2012/2013, nuair a cuireadh deireadh leis mar gheall ar shrianta airgeadais. Tá ráta an deontais do mhic léinn 2024 socraithe ag €815 ar an meán. Clúdóidh sé seo costas an chúrsa coicíse in 2024. Cuirfear an deontas seo ar fáil d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe i gcláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) Státmhaoinithe.
Meastar go dtabharfaidh 3160 mac léinn faoi TFG in 2024, ar chostas thart ar €2,575,000.
Chosnódh seachtain bhreise TFG do na mic léinn sin in 2024 thart ar €1,288,000.
No comments