Written answers
Tuesday, 23 January 2024
Department of An Taoiseach
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
98. To ask the Taoiseach cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2540/24]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
99. To ask the Taoiseach cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2541/24]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
100. To ask the Taoiseach cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2542/24]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
101. To ask the Taoiseach cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2543/24]
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 98, 99, 100 and 101 together.
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 98 go 101, go huile, le chéile.
Tá Roinn an Taoisigh tiomanta go hiomlán dá dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh. Oibríonn oifigigh le gníomhaireacht ceannaigh meán na Roinne chun na ceanglais a leanas a chomhlíonadh:
(i) beidh ar a laghad 20% d’aon fhógraíocht a chuireann Roinn an Taoisigh in aon bhliain ar fáil i nGaeilge; agus
(ii) úsáidfear ar a laghad 5% de chaiteachas fógraíochta na Roinne in aon bhliain ar bith chun fógraíocht a chur i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.
Tiomsófar gach faisnéis maidir le comhlíonadh fógraíochta Gaeilge na Roinne le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasuithe) 2021 do 2023 le cur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga faoin 10 Márta 2024.
Ní raibh aon chaiteachas fógraíochta ag an Oifig Náisiúnta um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta - arb é an t-aon chomhlacht atá faoi choimirce na Roinne - in 2023.
No comments