Written answers

Wednesday, 17 January 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

703. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí sonraí maidir leis na tionscnaimh atá glactha ag an Roinn agus maidir leis na tionscnaimh ar thacaigh an Roinn leo chun tacú leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. [56991/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cur chuige comhtháite don Ghaeilge leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina bhfuil 9 réimse gnímh luaite, lena n-áirítear oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, an pobal, na meáin, an teicneolaíocht agus an eacnamaíocht. Tá na gníomhartha ábhartha faoin Straitéis á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear mo Roinn fhéin.

Le gairid, foilsíodh an Ceathrú Tuairisc ar Dhul Chun Cinn maidir le feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta Gaeilge 5 bliana 2018–2022. Tagann foilsiú na tuairisce seo leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Phlean Gníomhaíochta i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc, ar son na trédhearcachta agus na cuntasachta. Tagann sé lena bhfuil leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus leis na naoi Réimse Gnímh atá sa Straitéis sin.

Sa cheathrú tuairisc faoi iamh, tugtar léargas ar an tréimhse 1ú Eanáir 2022 go 31ú Nollaig 2022 agus an dul chun cinn sa raon leathan d'os cionn 180 beart atá sa phlean atá le cur i gcrích ag 60 páirtí leasmhar thar saolré an phlean. Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán (RTCEGSM) atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta agus go deimhin an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá cur síos thíos ar na príomhéachtaí a baineadh amach sna naoi Réimse Gnímh in 2022:

Réimse Gnímh 1 – Oideachas

  • Lean Aonad Oideachas Gaeltachta na Roinne ar aghaidh ag cur comhairle agus tacaíocht leanúnach ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i gcomhar le Cigireacht na Roinne agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le linn 2022. Bhí ardrátaí rannpháirtíochta sa Scéim arís eile: 80% de bhunscoileanna agus 100% d’iar-bhunscoileanna. Tugadh deis eile do na bunscoileanna sin a roghnaigh gan páirt a ghlacadh sa Scéim a bheith rannpháirteach i 2022.
  • Foilsíodh sonraí den phróiseas cigireachta chun aitheantas foirmiúil na scoileanna mar Scoileanna Gaeltachta a dheimhniú i mí Iúil 2022 agus cuireadh tús leis an bpróiseas i mí Deireadh Fómhair 2022 le cigirí ag tabhairt cuairteanna measúnaithe.
  • Cuireadh athruithe i bhfeidhm ar an mBealach Iontrála Gaeltachta chuig an gclár Baitsiléir Oideachais Bunscoile (sruth ginearálta) (trí mheán an Bhéarla) le méadú ar an íosghrád don Ghaeilge san Ardteistiméireacht atá de dhíth ó mhí Meán Fómhair na bliana 2022.
  • Lean an méadú ar rannpháirtíocht sa tionscadal ríomh-Mhoil, a bhfuil sé mar aidhm leis rochtain a chur ar fáil do scoláirí limistéar Gaeltachta ar réimse níos leithne d’ábhair, i 2022 agus cuireadh ábhar nua, an cheimic, leis an tionscadal.
  • Foilsíodh ciorcláin bhliantúla, treoracha do scoileanna agus tuairisc chuimsitheach cás-staidéir ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna atá rannpháirteach sa Scéim i 2022.
  • Lean seirbhísí tacaíochta na Roinne do mhúinteoirí agus do ghníomhaireachtaí ar nós an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag cur lena gcumas tacaíocht a sholáthar do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Réimse Gnímh 2 – An Ghaeltacht
  • Faoi dheireadh 2022 faomhadh 36 plean teanga san iomlán do 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 7 mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge (6 acu sin a faomhadh in 2022).
  • Bhí 34 Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas ag deireadh mhí na Nollag 2022.
  • Leanadh de Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne a úsáid chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga.
Réimse Gnímh 3 – Aistriú Teanga sa Teaghlach – Idirghabháil Luath
  • Bhain 2,104 páiste Gaeltachta leas as gníomhartha a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíocht ón Roinn i 2022.
  • Bhí 63 líonra teaghlach gníomhach laistigh den scéim Teanga Tí faoi dheireadh 2022.
  • Cuireadh acmhainní breise ar fáil ar an suíomh gréasáin www.teangati.ie. áiríodh leis na hacmhainní tacaíochtaí do Ghrúpaí Súgartha, leanaí faoi 3 bliana d’aois agus ábhar feasachta teanga.
Réimse Gnímh 4 – Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
  • Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ar an 20 Meitheamh 2022, laistigh den spriocdháta reachtúil a leagadh síos ina leith faoin Acht;
  • Aontaíodh conradh taighde le hOllscoil na Gaillimhe ag deireadh 2022 i dtaca le hullmhú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ag an gCoiste Comhairleach. Beidh an Plean ag díriú, i measc nithe eile, ar an sprioc earcaíochta uaillmhianach luaite leis an Acht go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
  • Ceadaíodh pacáiste maoinithe méadaithe i 2022 de €1.605m do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad don tréimhse 3 bliana 2022-2025 chun méadú a chur ar acmhainneacht an Lárionaid córas tástála teanga an Teastais Eorpach Gaeilge (TEG) a reáchtáil, i dtaca le cur i bhfeidhm an Achta.
  • Cuireadh leithdháileadh méadaithe de €3.5m ar fáil i 2022 do chiste caipitil na Roinne i leith forbairt ionad Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre, ag teacht le gealltanais éagsúla an Rialtais i gClár an Rialtais, Plean Náisiúnta Forbartha 2021-2030 (Tionscadal éire) agus sa Phlean Gníomhaíochta úd seo.
  • Ceadaíodh ciste de bhreis agus €4.3 milliún thar trí bliana do Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, a cuireadh tús léi in Eanáir 2022. Is mórscéim tacaíochta de chuid Fhoras na Gaeilge atá anseo atá dírithe ar 36 coiste Gaeilge den earnáil phobail agus deonach agus trína bhfuil gréasán de 28 oifigeach forbartha Gaeilge fostaithe i gceantair na gcoistí Gaeilge le clár forbartha pobail a chur i bhfeidhm ar feadh na bliana.
  • Chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do 91 campa samhraidh ceadaithe le linn 2022.
  • Ceadaíodh 65 deontas faoi Scéim na nImeachtaí óige don scoilbhliain 2022/2023.
Réimse Gnímh 5 – Na Meáin & an Teicneolaíocht
  • Lean TG4 ag coimisiúnú agus ag craoladh ábhair do phobal na Gaeilge. I ndáil le craoladh líneach, rinne TG4 dul chun cinn leanúnach maidir leis an sciar den lucht féachana. D’fhéach 3.7m duine nó 82% den daonra ar TG4 tráth éigin i rith 2022.
  • Lean an forás tréan i rith na bliana 2022 maidir le meáin dhigiteacha neamhlíneacha TG4 agus le lucht féachana na meán sin. Tháinig ardú beagnach 120% go 136m ar líon na mbabhtaí a breathnaíodh ar fhíseáin trasardáin ar ábhar de chuid TG4 (tar éis forás 65% sa bhliain 2021).
  • Fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2022 go raibh maoiniú tiomnaithe á chur ar fáil chun stáisiún teilifíse faoi leith do pháistí - Cúla4 - a bhunú.
  • Leanadh le maoiniú don stáisiún ceoil móréilimh Raidió Rí Rá i 2022. D'oscail an tAire Stáit Chambers stiúideo athchóirithe an stáisiúin i mBaile átha Cliath i mí na Bealtaine 2022.
  • Reáchtáladh Tech Féile i mí Aibreáin 2022 agus ócáid TechFest le haghaidh Oideachasóirí Cruthaitheacha i mí na Samhna 2022.
  • Foilsíodh an Plean Digiteach don Ghaeilge, 2023-2027 i mí na Nollag 2022. Is ionann foilsiú an Phlean Dhigitigh agus toradh ar bhlianta de thaighde agus forbairt acadúil, agus is féidir féachaint air mar threochlár ina leagtar amach an chaoi a ndéanfar an Ghaeilge ábhartha feasta i gcomhthéacs ról na teicneolaíochta inár saol ó lá go lá. Leanadh ag infheistiú maoiniú suntasach i dtaighde teicneolaíochta Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile átha Cliath; áirítear Logainm.ie, Ainm.ie, Dúchas.ieagus LEX/IATE ar na tionscadail ar thacaigh an Roinn leo i 2022.
  • Leanadh ag infheistiú maoiniú suntasach i dtaighde teicneolaíochta Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile átha Cliath i 2022; áirítear Abair.ie, Róbóglór agus taighde ar theicneolaíochtaí éagsúla rochtana do dhaoine faoi mhíchumas ar na tionscadail ar thacaigh an Roinn leo i 2022.
  • Ceadaíodh maoiniú breise d'Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile átha Cliath do 2023, 2024 agus 2025 chun na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ag an stór sonraí eSTóR atá ann cheana a chothabháil agus a leathnú agus chun digitiú a dhéanamh ar chóip crua d’Ionstraimí Reachtúla ar féidir iad a chur le bailiúchán eSTóR.
Réimsí Gnímh 6 – Foclóirí
  • Le linn 2022, lean Acadamh Ríoga na héireann leis an obair le Foclóir Stairiúil na Gaeilge a thabhairt i gcrích agus 90 milliún focal anois i gCorpas Stairiúil na Gaeilge.
  • Tús curtha ag Foras na Gaeilge leis na tionscadail nua foclóireachta, foclóir Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla.
  • D’fhaomhaigh an Coiste Téarmaíochta os cionn 3,950 téarma nua nó athbhreithnithe.
  • Leanadh le maoiniú do thionscadal téarmaíochta Eorpach rathúil LEX.
Réimsí Gnímh 7 – Reachtaíocht agus Stáda
  • Tugadh feidhm do roinnt fhorálacha suntasacha de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 le linn 2022, eadhon bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge agus an obair thábhachtach a bheidh idir lámha acu sin i dtaca le hullmhú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge (mar a luadh thuas faoi Réimse 4) mar aon leis an bhforáil fhógraíochta (Alt 10A) a chuireann dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí maidir le fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus sna meáin Ghaeilge agus atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán atá in úsáid ag eagraíochtaí stáit.
  • Bhí an-rath ar shraith seimineár faisnéise a reáchtáil an Roinn, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, chun feasacht a chothú i measc na gcomhlachtaí poiblí maidir leis na dualgais bhreise a bheidh ag teacht i bhfeidhm faoin Acht, le breis agus 1,000 fostaithe den stát ag freastal ar na seimineáir chéanna.
  • Mar chuid den seó bóthair 'Gluaiseacht' de chuid Chonradh na Gaeilge atá á mhaoiniú ag an Roinn, eagraíodh 210 ceardlann idirghníomhacha le breis is 10,000 dalta ar an dara leibhéal leis na daltaí a chumasú agus a spreagadh i dtreo cúrsaí Gaeilge agus gairmeacha éagsúla le Gaeilge. Ag an tríú leibhéal eagraíodh 20 ceardlann fostaíochta sna coláistí éagsúla le linn na bliana chomh maith le freastal ar mhic léinn 3ú leibhéal.
  • Tháinig deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san AE ar an 31 Nollaig 2021. Tá c. 200 duine fostaithe anois i bpoist ardchaighdeáin in aonaid Ghaeilge in institiúidí an AE.
  • Cuireadh sruth nua d'intéirnigh ateangaireachta leis an scéim intéirneachtaí i 2022. Thacaigh an fhorbairt bhreise seo ar an scéim intéirneachtaí le hateangairí oilte le Gaeilge a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach agus le scileanna triúr ateangaire a fhorbairt go mbeidh siad in ann oibriú sa réimse sin amach anseo.
Réimse Gnímh 8 – Saol Eacnamaíoch
  • Cruthaíodh 945 post nua i gcliantchomhlachtaí údarás na Gaeltachta i 2022
  • Bhí 8,235 post i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón údarás ag deireadh na bliana 2022. Bhí glanmhéadú de 151 ar an méid duine fostaithe ar an iomlán
  • Cuireadh maoiniú reáchtála de €4.3m ar fáil do 33 eagraíocht forbartha pobail.
  • Cheadaigh Bord údarás na Gaeltachta 444 post nua le linn 2022.
  • Ceadaíodh suas le €19.26m i soláthar caipitil le linn 2022 chun bonneagar gnó na Gaeltachta a athchóiriú agus a fhorbairt chun cabhrú le forbairt fostaíochta agus tionscnaimh nua.
Tá an tuairisc seo agus na tuairsicí ar na blianta eile curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.