Written answers
Thursday, 14 December 2023
Department of Education and Skills
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
281. To ask the Minister for Education and Skills cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55992/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
282. To ask the Minister for Education and Skills cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56012/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
283. To ask the Minister for Education and Skills cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56030/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
284. To ask the Minister for Education and Skills cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56048/23]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 281 to 284, inclusive, together.
Tá an Roinn Oideachais lántiomanta a ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021 a chomhlíonadh.
Tá mo Roinnse ag obair chun a chinnitiú go gcuirfear ar a laghad 20% d’fhógraíocht ar bith ar fáil i nGaeilge agus go n-úsáidfear ar a laghad 5% d’aon airgead a chaitear ar fhógraíocht in aon bhliain chun fógraíocht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.
Cuirfear eolas maidir lenár gcomhlíontacht i leith fógraíochta trí Ghaeilge faoi bhráid an Choimisinéara Teanga i mí an Mhárta 2024 lena fhoilsiú, i gcomhréir leis an Acht.
Níorbh fhéidir an t-eolas a d’iarr an Teachta a thiomsú san am a bhí ar fáil ach, a luaithe a beidh sé curtha le chéile, tabharfaidh mo Roinn freagra díreach dó.
No comments