Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Enterprise, Trade and Employment

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

260. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55993/23]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mbliana go dtí seo, chaith mo Roinn 9% dá bhuiséad fógraíochta 2023 sna meáin Ghaeilge.

Le haghaidh cúspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, Alt 10A áfach, sainmhínítear fógraíocht mar: (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus (b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas— (i) foireann a earcú, (ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais, (iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol, (iv) seirbhísí a sholáthar, nó (v) comhchomhairliúchán poiblí.

Iarrfar ar chomhlachtaí poiblí tuairisceán comhlíonta leictreonach a chomhlánú i leith an dualgais seo ag tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 maidir le fógraíocht 2023.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

261. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56013/23]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é ábhar oibríochta é, an ghníomhaíocht fograíochta de chuid comhlachtaí poiblí a thagann faoi sainchúram mo Roinne, agus níl aon fheidhm dhíreach agam sna hábhair seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

262. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56031/23]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mbliana go dtí seo, chaith mo Roinn 21% dá bhuiséad fógraíochta 2023 ar fhógraíochta trí Ghaeilge.

Le haghaidh cúspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, Alt 10A áfach, sainmhínítear fógraíocht mar: (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus (b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas— (i) foireann a earcú, (ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais, (iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol, (iv) seirbhísí a sholáthar, nó (v) comhchomhairliúchán poiblí.

Iarrfar ar chomhlachtaí poiblí tuairisceán comhlíonta leictreonach a chomhlánú i leith an dualgais seo ag tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 maidir le fógraíocht 2023.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

263. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56049/23]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é ábhar oibríochta é, an ghníomhaíocht fograíochta de chuid comhlachtaí poiblí a thagann faoi sainchúram mo Roinne, agus níl aon fheidhm dhíreach agam sna hábhair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.